| A | B | C | D | E | F | G | H | I | J | K | L | M | N | O | P | Q | R | S | T | U | V | W | X | Y | Z |
A-Z d'Irisí ar Líne
Le A- Z is féidir le húsáideoirí irisí ar leith a chuardach trí 18 dár mbunachair shonraí in aon chuardach amháin.
Cuardach Acadúil Iomlán
Is é is Cuardach Acadúil Iomlán ann ná bailiúchán léinn ina bhfuil na mílte iris téacs iomlán faoi réimse leathan ábhar tábhachtach den léann acadúil: antraipeolaíocht, réalteolaíocht, bitheolaíocht, ceimic, innealtóireacht shibhialta, innealtóireacht, staidéir eitneacha & ilchultúrtha, geolaíocht, dlí, eolaíocht ábhar, matamaitic, ceol, eolaíochtaí cógasaíochta, fisic, síceolaíocht, reiligiún & diagacht, tréidliacht, léann na mban, zó-eolaíocht (Cabhair).
Foinse Ghnó Iomlán
Téacs iomlán do bhreis is 2,300 iris lena n-áirítear téacs iomlán do bhreis is 1,100 teideal piarmheasúnaithe (Cabhair).
CINAHL Plus le Téacs Iomlán
An fhoinse téacs iomláin is cuimsithí ar domhan d'irisí altranais & sláinte gaolmhara ina dtugtar téacs iomlán do bhreis is 560 iris atá innéacsaithe i gCINAHL. (Cabhair).
Leabharlann Cochrane
Fianaise neamhspleách chun cabhrú le cinnteoireacht cúram sláinte. San acmhainn seo pléitear fianaise thábhachtach ó Chochrane chomh maith le hathbhreithnithe córásacha agus trialacha cliniciúla eile.
Leabhair Ebrary ar Líne
Comhpháirtíochtaí le breis is 260 príomhfhoilsitheoir. Dá bhrí sin tá ar chumas Ebrary rochtain ar líne ar leabhair faoi ábhair éagsúla a thabhairt.
Téacs Iomlán Emerald
Príomhfhoilsitheoir an domhain maidir le hirisí agus bunachair shonraí faoi bhainistíocht. (Cabhair)
ERIC
Tugann ERIC rochtain saor in aisce ar bhreis is 1.2 milliún taifead bibleagrafaíocha d'ailt irise mar aon le hábhair oideachais eile. Ina theannta sin tairgeann sé naisc chuig an téacs iomlán, más ann dóibh. (Cabhair).
Euro Case Clearing House
ECCH: bailiúchán staidéar cáis agus ailt athchlóite bainistíochta as irisí ar acmhainn roghnaithe inrochtana d'ábhair theagaisc é.
Leabharlann Dhigiteach IEEE Xplore
Tairgeann leabharlann dhigiteach IEEE Xplore rochtain ar líne ar 3 mhiliún doiciméad téacs iomlán, nach mór, ó chuid de na foilseacháin is mó a luaitear ar domhan in innealtóireacht leictreach, eolaíocht ríomhaire, innealtóireacht ríomhaire agus leictreonaic. San acmhainn seo coinnítear 151 iris, breis is 900 imeachtaí comhdhála, breis is 3,400 caighdeán teicniúil, breis is 400 ríomhleabhar agus 200 cúrsa oideachais. Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcuirtear tuairim is 25,000 doiciméad nua le hIEEE Xplore gach mí.
IHS Innéacsanna Teicniúla Info $ Education
Tugann rochtain ar an tSeirbhís Eolais um Shláinte agus Sábháilteacht Cheirde, Bainistiú Comhshaoil, Specify-IT, Engineer-IT agus ar Sheirbhís Eolais Foirgníochta na hÉireann Plus. Soláthraí Caighdeáin Bhreataineacha BSi, Caighdeán, Rialachán agus Faisnéis maidir le Soláthraithe agus Táirgí is ea IHS.
Bailiúchán JSTOR in Éirinn
Arna fhorbairt i gcomhar le hOllscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá ar a laghad 75 iris, breis is 200 monagraf agus 2,500 lámhscríbhinn ag Bailiúchán JSTOR in Éirinn. Cuireann Bailiúchán na hÉireann teidil agus acmhainní faoi na healaíona, ar léann daonna agus eolaíochtaí leis i ndisciplíní ar nós ceoil, ealaíne, staire, litríochta, seandálaíochta, matamaitice agus bitheolaíochta.
Leabharlann, Coimrithe Eolaíochta & Teicneolaíochta Faisnéise
Innéacsanna ar bhreis is 500 iris, breis is 50 príomhiris agus 125 iris roghaitheacha; mar aon le leabhair, tuairiscí agus imeachtaí taighde ina gclúdaítear leabharlannaíocht, aicmiú, catalógú, bibliméadaracht, aisghabháil faisnéise ar líne, bainistiú faisnéise agus rudaí eile nach iad. (Cabhair).
Nexis UK
Páipéir Nuachta Áitiúla, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta mar aon le próifílí cuideachta, tionscail agus tíre lena n-áirítear anailísí PESTLE agus SWOT (LLDB). (Cabhair).
Irisí Sláinte agus Fóillíochta OVID
Rochtain ar líne ar Exercise and Sports Science Reviews, Journal of Strength and Conditioning Research agus ar an Strength and Conditioning Journal.
PsycArticles
Ó Chumann Síceolaíochta Mheiriceá. Foinse chinnte is ea PsycArticles d'ailt téacs iomláin piarmheasúnaithe léinn agus taighde ar shíceolaíocht. Breis is 100,000 alt as 59 iris ina bpléitear ábhar ó 1894 ar aghaidh.
(Cabhair).
Nuacht Gnó Réigiúnach
Tugtar cothrom le dáta gach lá é. Sa bhunachar sonraí seo tá téacs iomlán as 75 iris ghnó, páipéir nuachta agus sreanga nuachta ó gach ceantar cathrach agus tuaithe sna Stáit Aontaithe. (Cabhair).
Leabhair Safari ar Líne
Foinse ilfhreastail chun príomhfhaisnéis TF a fháil; tugann Safari leibhéal údaráis, solúbthachta agus airgeadra a phléann na teicneolaíochtaí is tábhachtaí d'úsáideoirí: teastasú, ríomhaireacht fiontair, Java, Linus/Unix, forbairt gréasáin, Windows, XML agus tuilleadh nach iad. Tá rochtain ar Safari teoranta ar dhuine amháin in aon am amháin.
Agus cuardach á dhéanamh agat i Safari, cuimhnigh ar My Bookshelf a chuardach chun leabhair a aimsiú atá clúdaithe ag síntiús IT, Trá Lí. (Cabhair).
Tagairt SAGE Ar líne
Áiríonn sé seo rochtain ar lámhleabhair SAGE ina dtairgtar 80 teideal d'fhorbhreathaithe údarásacha cuimsitheacha ar phríomhréimsí fo-dhisciplíneacha sna heolaíochtaí sóisialta. Lena chois sin clúdaíonn tagairt SAGE ar líne trí cinn de chiclipéidí ábhair-Encyclopedia of Business Ethics and Society, Encyclopedia of Business In Today's World agus Encyclopedia of Communication Theory.
Science Direct
Tugann sé seo rochtain ar bhreis is an cheathrú cuid den bhfaisnéis iomlán ar domhan ar eolaíocht, leigheas agus teicneolaíocht atá ar fáil ar líne - clúdaíonn sé breis is 2,000 iris phiarmheasúnaithe, na céadta leabhar, lámhleabhar agus saothair thagarta. (Cabhair)
SPORTDiscus
An fhoinse is cuimsithí de théacs iomlán ar domhan i gcomhair spóirt & irisí leighis spóirt. Tugann SPORTDiscus téacs iomlán as 550 iris siar go 1985. (Cabhair).
Lárionad Tagartha na Múinteoirí
Innéacs bibleagrafach de bhreis is 260 teideal as irisí, tréimhseacháin agus leabhair trádála mhúinteora agus riaracháin.
Ionad Tagartha RA/ÉIRE
San Ionad Tagartha RA/ÉIRE nasctar irisí, nuachtáin agus leabhair thagartha ón Bhreatain agus as Éirinn mar aon le foinsí idirnáisiúnta chun an bailiúchán is cuimsithí d'fhoilseacháin téacs iomláin do leabharlanna poiblí na RA/na hÉireann a chur ar fáil. Tá ciclipéid na Breataine agus ciclipéid na hÉireann ar fáil mar chuid den mbailiúchán, leis. (Cabhair).
Westlaw.ie
Tairgeann Westlaw.ie rochtain ar an toirt ar dhlí cáis tuairiscithe agus neamhthuairiscithe, reachtaíocht agus rialuithe cúirte, irisí; agus nuacht ar chúrsaí dlí. (Cabhair)