Ceisteanna a chuirtear go minic
Tá liosta de cheisteanna a chuirtear go minic faoin leabharlann anseo thíos.
- An féidir liom leabhair a thógaint ar iasacht le linn laethanta saoire an tsamhraidh? Is féidir ach tá tréimhsí iasachta téarma i bhfeidhm.
- Cad is leabhair ghearriasachta ann agus cá bhfuil siad? Coinnítear leabhair agus míreanna closamhairc ardéilimh laistiar de chúntar na leabharlainne i leabharlanna an Champails Thuaidh agus an Champais Theas. Tá na míreanna seo ar fáil le haghaidh úsáide sa leabharlann amháin agus níl siad ar fáil d'fhormhór na n-úsáideoirí ach i gcomhair 2 uaire an chloig in aon am amháin.
- An bhfuil mo T-chárta uaim chun leabhair a fháil ar iasacht? Tá.
- Cá bhfaighidh mé athchur T-chárta? Tá athchur T-chárta ar fáil ó Sheirbhísí do Mhic Léinn.
- Cad iad na huaireanta oscailte? Le inn téarma, Campas Thuaidh: Luan - Déardaoin 9rn go 8in, Aoine- 9rn go 5in Satharn -10rn to 2in. Le linn téarma Campas Theas: Luan agus Céadaoin- 9rn go 1.30in, 2.30rn go 5in, Máirt agus Déardaoin - 1.30in go 5in, Aoine - 9rn go 1.30in, Satharn - Dúnta. Le linn saoire, Campas Thuaidh: Luan go hAoine - 9rn go 1in, 2in go 5in, Campas Theas: 11rn go 1in.
- Cé mhéad leabhar is féidir liom a fháil ar iasacht? Féadann baill den bhfoireann 10 mír a fháil ón bPríomhbhailiúchán ar feadh 4 seachtaine mar aon le dhá mhír ón mbailiúchán Cuntair ar feadh 2 uair an chloig. Féadann Iarchéimithe 10 mír a fháil ón bPríomhbhailiúchán ar feadh 2 sheachtaine mar aon le dhá mhír ón mbailiúchán gearr-iasachta ar feadh 2 uaire an chloig. Féadann fochéimithe 6 mhír a fháil ar iasacht ón bPríomhbhailiúchán ar feadh seachtaine mar aon le 2 mhír ar ghearriasacht ar feadh 2 uaire an chloig. Féadann mic léinn pháirtaimseartha agus mic léinn chianfhoghlama 6 mhír a fháil ar iasacht ón bPríomhbhailiúchán ar feadh 2 sheachtaine agus 2 mhír ón gCuntar ar feadh 2 uaire an chloig. Féadann úsáideoirí seachtracha 2 mhír a fháil ar iasacht ón bPríomhbhailiúchán ar feadh seachtaine agus 2 mhír ón mbailiúchán gearriasachta ar feadh 2 uaire an chloig.
- Cad is iasacht idirleabharlainne ann? Is féidir leabhair, ailt irise nó tráchtais nach bhfuil ar fáil i leabharlann IT, Trá Lí a iarraidh ó leabharlann eile trí úsáid a bhaint as áis iasachta idirleabharlainne. Féadann gach úsáideoir iarratas idirleabharlainne a chur isteach ar líne ar an leathanach iasachta idirleabharlainne nó foirm iasachta idirleabharlainne a líonadh ar pháipéar ag an deasc leabharlainne. Chun tuilleadh eolais a fháil, ar tháillí chomh maith, tabhair cuairt ar rannóg na Iasachtaí Idirleabharlainne ar leathanach eolais na Leabharlainne.
- Cá bhfuil na páipéirí nuachta is déanaí? Tá páipéirí nuachta náisiúnta laethúla agus áitiúla seachtainiúla reatha ar fáil san dá leabharlann. Ar an gCampas Thuaidh tá siad ar an mbunúrlár. Ar an gCampas Theas tá siad ar thaispeáint taobh leis an doras tosaigh. Coinnítear páipéirí nuachta laethúla go ceann 3 mhí; páipéirí seachtainiúla go ceann bliana.
- Cén muirir a ghearrtar ar earraí thar téarma? Gearrtar fíneáil 50 cent in aghaidh an earra in aghaidh an lae go huasmhéid €30 in aghaidh an earra. Mura dtugtar na na hearraí ar ais ag an bpointe sin d'fhéadfaí cuntas an úsáideora leabharlainne a chur ar fhionraí go dtí go mbeidh gach earra tugtha ar ais agus na fíneálacha glanta. Gearrtar pionós 50 cent in aghaidh an earra ar earraí thar téarma ón mbailiúchán gearr-iasachta. D'fhéadaí cuntais ríomhaire de chuid úsáideoirí leabharlainne nach bhfuil earraí gearriasachta tugtha ar ais acu i ndiaidh trí lae a chur ar fionraí.
- Cad í catalóg na leabharlainne? Suíomh idirlín is ea catalóg na Leabharlainne. Is féidir í a úsáid chun earraí ar bith atá sa leabharlann a chuardach.
- Conas a dhéanaim mo chuid leabhar a athnuachaint? Is féidir leabhair ón bpríomhbhailiúchán a athnuachaint sé uaire. Is féidir sin a dhéanamh ag an ndeasc nó ar líne trí chatalóg na Leabharlainne agus an áis logála isteach Mo Leabharlann a úsáid. Ní dhéanfar leabhair a athnuachaint má tá níos mó táillí ná €5 amuigh ar do chuntas, má tá an leabhar níos mó ná trí lá thar téarma nó má tá coinneáil curthar ar an leabhar ag úsáideoir eile.
- Cad is 'Coinneáil' ann? Má tá coinneáil ar leabhar atá eisithe faoi láthair ní féidir é a sheiceáil amach d'úsáideoir ar bith ach an duine a chuir an coinneáil air.
- Conas a chuirtear coinneáil ar leabhar? Cuardaigh catalóg na leabharlainne. Má aimsíonn tú teideal ar mhaith leat coinneáil a chur air, cliceáil ar an gcnaipe iarraidh. Iarrfar ort d'uimhir T agus pasfhocal a chur isteach, cén leabharlann campais ina mbaileoidh tú é agus an dáta a gcuirfear do choinneáil ar ceal. Cuir na sonraí seo isteach. Nuair a bheidh an t-earra ar fáil duit déanfar teagmháil leat trí r-phost nó trí do chuntas r-phoist choláiste. Ní féidir coinneáil a chur ar leabhar cuntair, leabhar tagartha ná ar iris ar bith.
- Conas a dhéanaim rochtain ar mo Thaifead Úsáideora Leabharlainne? Cliceáil ar an gcnaipe Mo Leabharlann thuas agus cuir isteach d'uimhir T agus pasfhocal.
- Ní cuimhin liom mo phasfhocal chun logáil isteach i mo chuid seirbhísí leabharlainne? Ní mór do bhall den bhfoireann leabharlainne pasfhocail dhearmadta a scrios ag deasc na leabharlainne. Ansin beidh ar do chumas pasfhocal nua a dhéanamh.
- Tá mo chuid leabhar thar téarma, cad is féidir liom a dhéanamh? Tabhair ar ais earraí atá thar téarma chuig an Leabharlann a luaithe agus is féidir. Is féidir earraí a thabhairt ar ais nuair a bhíonn an leabharlann dúnta ach iad a chur sa ghabhadán leabhair lasmuigh den dá leabharlann. Tá leabhar thar téarma an lá i ndiaidh an dáta a mbíonn siad dlite. Tabhair do d'aire le do thoil, nach ndéantar leabhair atá thar téarma a athnuachaint má tá fineálacha os cionn 5 euro orthu.
- Níl mo leabhar seiceáilte isteach - cad is féidir liom a dhéanamh? Déan teagmháil le foireann na leabharlainne le do thoil.
- Conas a dhéanfaidh mé teagmháil le foireann na leabharlainne? Tá uimhreacha fo-líne agus seoltaí r-phoist ball foirne uile na leabharlainne ar fáil ón nasc Eolas faoin Leabharlann ar bharr an leathanaigh.
- Tá leabhar leabharlainne caillte agam, cad ba chóir dom a dhéanamh? Cuir foireann na Leabharlainne ar an eolas faoi fhadhb ar bith atá agat a luaithe agus is féidir. B'fhéidir go n-iarrfar ort íoc as costaisí athsholáthair mura n-aimseofar an leabhar.
- Cad is acmhainn ar líne ann? Tá liostáil ag Acmhainní ar Líne le bailiúcháin ailt lán téacs, coimrithe, innéacsú, tuairiscí cuideachta agus dlí, leabhair, caighdeáin agus ábhar eile a bhfuil teacht air ar líne. Tá cuid de na hacmhainní dírithe go sonrach ar ábhar áirithe, cuid eile acu ildisciplíneach. Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun teacht ar na bailiúcháin, tabhair cuair ar leathanach na nAcmhainní ar Líne. Tá rochtain ar Acmhainní ar Líne teoranta ar bhaill an choláiste.
- Conas a gheobhaidh mé amach an bhfuil Acmhainn ar Líne ag an Leabharlann? Tá liosta in ord aibítire dár gcuid bunachar sonraí mar aon le cur síos ar a bhfuil iontu ar leathanach na nAcmhainní ar Líne.
- An bhfuil teacht ar na hAcmhainní ar Líne ón mbaile? Tá teacht ar mhórchuid na n-acmhainní ar líne ó lasmuigh den champas ach ní ar gach ceann. Beidh ort d'uimhir T agus do phasfhocal a chur isteach. Má tá fadhb agat le d'phasfhocal déan teagmháil le deasc na leabharlainne.
- Cad is 'coimriú' 'lua' agus 'doiciméad pdf' ann? Is é is coimriú ann ná achoimre ghairid ar alt irise, leabhar, srl. Is é is lua ann ná sonraí bibleagrafaíocha alt irise nó leabhair, srl. Cuimseoidh sé údar, teideal. dáta agus mar sin de. Is é is doiciméad pdf ann ná modh coitianta áisiúil chun eolas a scaipeadh go leictreonach.
- Ní féidir liom comhaid pdf a oscailt? P Tá léitheoir Adobe Acrobatag teastáil chun comhaid PDF a oscailt. Cinntigh go mbeidh leagan reatha den léitheoir Adobe Acroba ar do ríomhaire.
- Ní féidir liom na páipéirí scrúdaithe a phriontáil? Cinntigh le do thoi, agus páipéirí scrúdaithe á bpriontáil agat, go gcliceálfaidh tú ar dhealbh an phrintéara seachas ar File and Print. Mura bhfuil ag éirí leat na páipéirí a phriontáil fós, déan teagmháil le deasc na leabharlainne.
- Conas is féidir tionscadail agus tráchtais ón am atá thart a chuardach? Cliceáil ar Projects and Theses faoin Tabhair chuig an Roghchlár Anuas mé ar an Leathanach Baile. Cliceáil ar chód an chúrsa chun féachaint ar liosta na dtionscadal nó tráchtas a críochnaíodh don gcúrsa seo, in ord de réir bliana.