Is faoi struchtúr de mhacasamhail an 'philéir' a eagraítear Cláir Thaighde laistigh den Institiúid Taighde ina dtiocfaidh sainréimsí speisialachais/poitéinsil chun cinn mar ionaid bharr feabhais a thacóidh le cláir thaighde idirdhisciplíneacha. An straitéis taighde atáthar a leanúint, féachann sí le hinniúlacht na hInstitiúide a neartú a thuilleadh ar shlí a chuirfidh leis an gclár oideachais atá á thairiscint dár mic léinn agus a chuirfidh ar ár gcumas fónamh do shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúir an réigiúin chomh maith céanna. De bhreis ar an taighde maoinithe, gabhann baill den bhfoireann obair shuntasach taighde lena n-ais mar chuid dá staidéar i gcláir Mháistreachta agus PhD.
Féach leat cuid de na tograí spreagúla Taighde agus Forbartha atá ar fáil anois ar champas sa rannóg seo.