Cuspóir thábhachtach an NPRDC ag IT Trá Lí is ea úsáid agus forbairt teicneolaíochtaí úrscothacha i dtiontú táirgí nádúrtha ar nós algaí agus dramhaíl bhia ina dtáirgí breisluacha. I measc samplaí de tháirgí nádúrtha nach mbaintear an úsáid is fearr is féidir astu tá feamainn, próitéin gránach agus miocróbach agus raon éagsúil fuíolltáirgí ón earnáil Bhia agus Mhuirí. Tá taighde reatha atá á mhaoiniú ag Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta le tionscal agus cláir iarchéime taighde atá ag díriú ar bhithiontú próitéiní gránacha ar nós soighe, cruithneacht agus próitéin miocróbach atá díorthaithe ó ghiosta spíonta ina gcomhábhair fheidhmiúla bhia. Baineann réimse tábhachtach taighde eile le carbaihiodráit a bhaint as feamainn agus foinsí eile. Cabhróidh an NPRDC, a d'fhás as an Taighde Straitéiseach (SRA) ag an Institiúid go bunúsach, le taighde a bhaineann le bithphróiseáil agus bithdheighilt táirgí nádúrtha a dhaingniú agus a thráchtálú. Is cuid dhílis d'Ionad Bithteicneolaíochta Fheidhmeach na Sionainne é an tIonad Taighde agus Forbartha Táirgí Nádúrtha.
Teagmháil:
brendan.mccarra@ittralee.ie. Guthán: 066 714 5676
michael.hall@staff.ittralee.ie. Guthán: 066 714 5633