Is grúpa taighde feidhmeach idirdhisciplíneach san Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí é Terra Nova atá ag díriú ar na réimsí taighde straitéiseacha seo a leanas:
â¿¢ Soghluaisteacht agus Gan Sreang le béim ar fheidhmiúcháin teicneolaíochta RFID
â¿¢ Ríomhfhoghlaim, M-fhoghlaim agus Teicneolaíochtaí an Oideachais
Tá seisear iarchéimithe PhD, seachtar iarchéimithe Máistreachta, deichniúr maoirseoirí taighde agus beirt thaighdeoirí lánaimseartha sa ghrúpa taighde reatha. Tá Terra Nova bunaithe i dtrí aonaid d'Ionad Tionscnaimh Tom Crean, áit ina gcruthaíonn ITT sineirgí inbhuanaithe idir phobail acadúla agus fiontair an cheantair. I measc comhpháirtithe tionscail an ghrúpa Terra Nova tá Altobridge Communications, Alvarion, Microsoft, IBT, Neotech Software Solutions, MultiZone, TravelFat, RVR agus FEXCO, cuid mhaith dóibh atá bunaithe ar champas roinnte ITT/Páirc Teicneolaíochta Ciarraí. Tá cistiú de bhreis is £1m faighte ag Terra Nova le trí bliana anuas. Bhain IT Trá Lí amach aitheantas idirnáisiúnta le déanaí nuair a rinneadh an chéad Buaiteoir Idirnáisiúnta an Duais Treoraí Inneachair Digiteach WebCT di i mí na Bealtaine 2005, mar thoradh ar a hobair sa Ríomhfhoghlaim.
I measc na tionscnaimh tá:
â¿¢ Breith a thabhairt ar fhéidearthacht Sainaithint Radaimhinicíochta (RFID) a úsáid sa tionscal próiseála éisc. Is é atá i gceist leis sin ná an féidir sonraí a scríobh agus a léamh go seasta ar chlibeanna RFID tar éis dóibh a bheith nochta do choinníollacha éagsúla timpeallachta agus eile. Tarraingíonn na coinníollacha timpeallachta mórán ceisteanna casta anuas, maidir le forleathadh Radaimhinicíochta (RF). Téann an líonmhaireacht taisligh, miotail agus torainn timpeallach RF ó ghléasanna leictreacha agus iomlaoidí teochta i bhfeidhm ar RF. Tagann an taighde chun deiridh le moltaí ar fhéidearthacht clibeanna RFID le méid dhifriúla aeróige, foirmfhachtóirí agus ceisteanna éagsúla eile a théann i bhfeidhm ar oibríocht RFID.
â¿¢ SORCEROR - Source for Rapid Open Content in Learning Object Repositories (Foinse Inneachair Oscailte Mear i Stór Oibiachtaí Foghlama). Is í an phríomhaidhm atá ag Sorceror ná samhail fhorbartha inneachair oscailte mear inbhuanaithe a fhorbairt atá bunaithe ar chomhoibriú idir mhúinteoirí agus fhoghlaimeoirí, ina ndéantar piarmheasúnú chun cáilíocht a dhearbhú agus ina bpléitear ceisteanna comhthéacs, cultúir agus teangeolaíochta i gcomhthéacs ardoideachais san Eoraip. Is samhail rathúil í an tsamhail bhogearraí foinse oscailte (OSS) d'fhorbairt chomhoibríoch phobalbhunaithe bhogearraí agus táthar ag tosú ar phrionsabail foinse oscailte a chur i bhfeidhm i gcás inneachair oscailte freisin.
â¿¢ Díriú ar chomhchruinniú bonneagar teileachumarsáide chun cumarsáide le braiteoirí RFID a sholáthar agus sonraí a chur thar an líonra GSM. Cabhróidh sin le forbairt réitigh a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí gan sreang atá ann cheana féin chun an bhearna atá i gceist maidir le rianú sócmhainní agus bainistíocht RFID ar fud an domhain faoi láthair a líonadh. Táthar ag déanamh iniúchadh ar a lán teicneolaíochtaí, GSM/GPRS, cumarsáid Líonraí Braiteora Meaisín go Meaisín (Sensor Networks Machine to Machine) (M2M), GPS agus réitigh bhogearraí Middleware san áireamh. Tiocfaidh sé seo chun deiridh le dearadh agus cur i bhfeidhm córas a bhfuil ar a gcumas acu sonraí RFID a chur ar aghaidh go cliaint go slán agus i bhfíoram, le comhtháthú córas espoke san áireamh.
Teagmháil:
pat.doody@staff.ittralee.ie. Guthán: 066 719 1655
ed.sheldon@staff.ittralee.ie. Guthán: 066 719 1655
carol.s.oshea@staff.ittralee.ie. Guthán: 066 719 1655
deirdre.lillis@ittralee.ie. Guthán: 066 719 1655