Bainfidh na socruithe iontrála seo a leanas le céimithe cúrsaí FETAC atá ag lorg ceada isteach do chúrsaí san Institiúid. An riachtanas íosta iontrála do chéimithe cáilíochtaí FETAC:
- Do chúrsaí Ardteastais ná cáilíocht iomlán FETAC;
- Do chúrsaí Gnáthchéime Ab-initio ná cáilíocht iomlán FETAC;
- Do chúrsaí Céime Onóraí Ab-initio ná cáilíocht iomlán FETAC i gcúrsa a bhaineann le hábhar gaolmhar agus le grád gradaim i dtrí modúil ar a laghad san áireamh.
Dâ¿¿ainneoin na riachtanas íosta iontrála thuas, d'fhéadfadh go mbeadh sainriachtanais réamhriachtanacha ag baint le cúrsaí ardteastais agus cúrsaí gnáthchéime ab-initio áirithe ó thaobh modúil FETAC nó cúrsa FETAC de. Ainmnítear riachtanais réamhriachtanacha mar seo (féach Sainriachtanais Chúrsaí). I gcás iontrála chuig cúrsaí céime Onóraí, ainmnítear cúrsaí gaolmhara ábhartha agus sainriachtanais réamhriachtanacha mhodúil, má bhaineann, (féach Sainriachtanais Cúrsa).
I gcás gach cúrsa, ach amháin altranas, meastar scór pointí iomlán a bunaítear ar an ocht modúil is fearr a cuirtear isteach. I gcás modúl le luach creidmheasa 1, bronntar scóir mar leanas:
Pas: 20 pointe Tuillteanas: 35 pointe Gradam: 50 pointe
Déantar scóir a oiriúnú ar bhonn pro-rata chun luachanna creidmheasa na modúl, ach amháin luach 1, a chur san áireamh. Déantar scóir a oiriúnú ar bhonn pro-rata, leis, chun leibhéal an mhodúil a chur san áireamh; iolraítear scóir leibhéil 1 faoi 0.5, iolraítear scóir leibhéil 2 faoi 1.0 agus iolraítear scoir leibhéil 3 faoi 1.25.
ALTRANAS
Tá an scéim scórála a bhaineann le haltranas le fáil ar www.cao.ie. Cuireann an ITT ceithre áit ar an mBSc in Altranas (Ginearálta) agus dhá áit ar an mBSc in Altranas (Síciatrach) in áirithe d'iarrtatasóirí a chomhlíonann na riachtanais iontrála íosta mar leanas:
Staidéar Altranais (DCHSN) nó Seirbhís Phobail agus Sláinte (DCHSX) nó Tacaíocht Chúram Sláinte (DHSXX) mar aon le 5 Grád Gradaim mar aon le hAnatamaíocht agus Fiseolaícht (D20001), Dámhachtain Réamheolais Altranais (D20012) i bhFás agus Forbairt Daonna (D20032) nó Altranas (C20006)
Ní mór d'iarratasóirí FETAC nach mbaineann leis an mbliain reatha a dteastais torthaí a cheangal dá bhfoirm CAO.
Tuilleadh eolais le fáil ó Oifig Iontrála na hInstitiúide
Guth.: + 353 66 7145638 Facs: + 353 7125711