Déanann an Institiúid meastóireacht ar iarratais trí chóras an CAO de réir na gcatagóirí seo a leanas:
- Ardteistiméireacht;
- Scéim Cheangal leis an Ard-Oideachais;
- Gairmchlár na hArdteistiméireachta;
- An Ardteistiméireacht Fheidhmeach;
- Mic Léinn Idirnáisiúnta;
- Ceird nó cáilíochtaí eile.
Meastar iarrthóirí ar aon cheann de na catagóirí thuas ar bhonn a gcáilíochtaí amháin de ghnáth.
Meastar iarratais ar na catagóirí seo a leanas ar bhonn aonair:
- Iarrthóirí lánfhásta;
- Iarrthóirí faoi mhíchumas nó shaindeacracht foghlama;
- Iarrthóirí a bhfuil breoiteacht ar leith orthu;
- Iarrthóirí ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht sa tríú leibhéal faoi láthair.
Cuirfidh Oifigeach Rochtana na hInstitiúide fáilte roimh cheisteanna ó na hiarrthóirí ionchasacha seo. Má tá tuilleadh eolais uait cuir glaoch ar Valerie Moore, Oifigeach Rochtana: Guthán: 066 7191682 Fón póca le téacs: 086 3682453 Facs: 066 7145605
NÓTA: Ní mór d'iarratais a bheith faighte ag an CAO roimh 1ú Feabhra.