Ní mór d'iarratasóirí a bheith os cionn 16 bliana d'aois ar an 1ú lá dâ¿¿ Eanáir na bliana iontrála sa chúrsa. Ní mór d'iarratasóirí ceann de na riachtanais ghinearálta iontrála seo a leanas a shásamh:
A. Ardteistiméireacht nó Scrúduithe Coibhéiseacha:
(i) ARDTEASTAS
Ní mór d'iarratasóirí pas a fháil san Ardteistiméireacht nó i scrúduithe coibhéiseacha le grád íosta (OD3) i Matamaitic, Béarla nó Gaeilge agus i dtrí ábhair eile ina theannta sin. Is é polasaí na hInstitiúide anois glacadh le Pas sa Mhatamaitic ar an mBunleibhéal ar leibhéal B2 ar a laghad chun riachtanais íosta iontrála na gclár seo a leanas a shásamh:
- Ardteastais uile a tairgítear sa Scoil Eolaíochta agus Ríomhaireachta agus sa Scoil Gnó agus Staidéir Shóisialta (ach amháin TL210 Ardteastas sa Ghnó (Ardleibhéal Gnó)
- Baitsiléir Ealaíon i Staidéar Sóisialta Feidhmeach i gCúram Sóisialta
- Baitsiléir Ealaíon i gCleachtas Obair Ógra agus Phobail
- Baitsiléir Ealaíon (Onórach) i dTéatar Tuaithe
- Baitsiléir Ealaíon (Onórach) i dTaibh-Ealaíona
- Baitsiléir Ealaíon (Onórach) i gCúram agus Oideachas Luath-Óige
- Baitsiléir Gnó (Onórach)
(ii) GNÁTHCHÉIM
Ní mór d'iarratasóirí pas a fháil san Ardteistiméireacht nó i scrúduithe coibhéiseacha. Ní mór dóibh grád íosta (OD3) i Matamaitic, Béarla nó Gaeilge agus i dtrí ábhar eile a bhaint amach, ach amháin i gcás na gclár thuas.
(iii) CÉIM ONÓRACH
Ní mór d'iarratasóirí pas a fháil i sé ábhar san Ardteistiméireacht nó scrúduithe coibhéiseacha. Caithfidh Matamaitic agus Béarla nó Gaeilge a bheith san áireamh. Caithfidh siad grád onórach (HC3) in aon dá ábhar agus 4 ghrád pas (OD3) a bhaint amach ach amháin i gcás na gclár thuas.
NÓ
B. Iarratasóirí gur Mic Léinn Lánfhásta iad:
Ní mór d'iarratasóirí a bheith os cionn 23 bliana d'aois ar an 1ú lá dâ¿¿ Eanáir na bliana iontrála sa chúrsa chun cáiliú mar mhic léinn lánfhásta.
NÓ
C. Iarratasóir ó Chatagóir Speisialta:
Féadtar iarratasóirí a mheas faoi cheann de na catagóir atá liostáilte sa Réamheolaire, mar shampla printíseacht, ceardaíochtaí, iar-Ardteistiméireacht, srl.
Tabhair an méid seo a leanas faoi deara ó thaobh ábhar Ardteistiméireachta de:
AN GHAEILGE
Is leor Grád B3 sa Ghaeilge Bunleibhéal chun an riachtanas iosta iontrála a shásamh. Ní bhronntar pointí ar an ábhar seo. Ba chóir duit féachaint ar
an doiciméadú ábhartha iarratais (mar shampla Lámhleabhar CAO) chun eolas iomlán ar mhodhanna iarratais a fháil.