Tairiscíonn an CAO na háiteanna ar chúrsaí ar son na n-Institiúid Teicneolaíochta uile. Ní mór d'iarratasóirí atá ag iarraidh glacadh leis an tairiscint a déantar an fhoirm ghlactha a chur ar ais chuig an CAO faoin am agus an dáta atá sonraithe sa litir thairisceana. Muna ndéantar amhlaidh, téann an tairiscint as feidhm agus tarraingítear siar í.
Ní féidir an tairiscint a athchur fad is atá liosta feithimh iarratasóirí ar áiteanna ar an gcúrsa sin. Má tá níos mó iarratasóirí ná áiteanna ar an gcúrsa sin, dáiltear áiteanna ar bhonn na scéime pointí náisiúnta atá ar fáil sa lámhleabhar CAO. Tairgítear an cúrsa is airde rogha dá bhfuilid i dteideal ó thaobh pointí de d'iarratasóirí. Má tharlaíonn sé go mbíonn áit ar chúrsa níos airde rogha ar fáil in IT Thrá Lí nó in Institiúid eile i mbabhta tairiscintí ina dhiaidh sin, tairgeofar go huathoibríoch í. Ní féidir roghanna cúrsa níos ísle a thairiscint i mbabhta tairiscintí níos déanaí, áfach.