GLAC BALLRAÍOCHT I gCUMANN INNIUBH!
Tá an t-eolas is deireannaí faoi na cumainn ar fáil ar Shuíomh idirlín na gCumann: www.ittraleesocs.ie
Haigh gach duine!
Fáilte thar n-ais go IT, Trá Lí agus tá súil agam go raibh samhradh iontach agaibh. Maidir libhse, na daoine atá ag teacht chugainn den
gcéad uair - fáilte is fiche romhaibh!. Téimis i mbun gnó anois - NA CUMAINN!!!
Táim cinnte go bhfuil na mic léinn a raibh baint acu le Cumainn roimis seo ar aon aigne liom má roghnaím na focail seo a leanas chun cur
síos a dhéanamh ar na Cumainn: fiúntach, iontach, siamsúil, sóisialta, intleachtúil, spraoi, gáire, cairdis, scileanna nua, tuilleadh spraoi,
tuilleadh gáire srl srl....An n-aontófá?
Mar sin, sa bhliain seo, an bhliain acadúil 2012, táim ag súil le n-oiread mac léinn agus is féidir sna cumainn chun fáil réidh le gruaim an
Gheimhridh agus an Lag-trá eacnamaíochta.....
Mar a dúirt iarbhall den gCumann "caithfidh tú féin dul i mbun gnímh chun go dtarlóidh rudaí agus is é seo go díreach atá á dhéanamh ag
na Cumainn. Cuireann siad an gabhar á róstadh agus is iad a athraíonn radharc agus aigne a ghabhann le freastal ar IT, Trá Lí. Ray
Cuddihy, Céimí sna Meáin Idirghníomhacha, 2009
Uaireanta Oscailte
Dé Luain agus Dé Máirt - D Bloc (D110) ar an gCampas Theas
Dé Céadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine - Q108 ar an gCampas Thuaidh (i bhFoirgneamh Seirbhísí do Mhic Léinn)
Teagmháil
Oifigeach na gCumann: Rosalynd Hayes
Guth.: 066 7191782 (Campas Thuaidh)
Fo-líne/Gutháin dhearga: 1782
R-phostl: SocietiesOfficer@ittralee.ie
Suíomh Idirlín: www.ittraleesocs.ie