Your browser does not support JavaScript

Text Sizer:





You are here:

Innealtóireacht in Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí

Bhí Scoil na hInnealtóireachta ar cheann de na scoileanna ba thúisce a bunaíodh san Institiúid. Faoi láthair tá sé sa Champas Theas i ngar do lár bhaile Thrá Lí.

Tá dhá roinn sa scoil:

Innealtóireacht Talmhaíochta agus Déantúsaíochta

Innealtóireacht Shibhialta agus Staidéar Foirgníochta

Réamheolas

Tá iliomad feidhmeanna tábhachtacha ag an Innealtóireacht inár saol, idir phróiseáil agus iompar aibhléise agus seachadadh uisce óil isteach i sconnaí ár gcuid dtithe.

Is é an míniú a tugtar ar an innealtóireacht ná "feidhmiú prionsabal eolaíochta agus matamaitice i dtaobh fadhbanna d'fhonn teacht ar réiteach praiticiúil".

Is é atá i gceist le hinnealtóireacht ná "rudaí" nó córais a thógáil ar mhaithe leis an an gcine daonna. Baintear leas as an innealtóireacht d'fhonn fadhbanna a réiteach trí cur chuige córasach a úsáid agus trí fachtóirí timpeallachta, sóisialta agus eacnamaíochta a chur san áireamh. Le cabhair na hinnealtóireachta táthar ag iarraidh fadhbanna a réiteach atá ag cur isteach ar an ngnáthduine. Bíonn baint ag innealtóirí le gach saghas ní, athchur cromáin, micreathonnta, bóithre, gás nádúrtha, ceimiceáin, timpeallacht níos glaine, an idirlíon agus fhíseáin pop san áireamh.

Is í an aghaidh fholaithe í an innealtóireacht atá laistiar d'fhóntais phoiblí, de chórais iompair, d'fhoirgnimh, de ríomhairí agus den idirlíon. Tá sí taobh thiar de tháirgeadh bia, d'fháinní diamaint, de ghluaisteáin rásála agus de dheochanna súilíneacha. Tá eolas againn uile ar an dtáirge deiridh ach ní fheicimid an té a bhíonn ag obair sa chúlra.

Is é ní sin "feidhmiú prionsabal eolaíochta agus matamataice" atá ina shainchomhartha ag an innealtóireacht - ní minic a chítear nó a cloistear an t-innealtóir. Oibríonn na hinnealltóirí leo go ciúin in áit ar leith i bhfad ó loinnir na poiblíochta. Bíonn siad ag díriú ar feabhas a chur ar réitigh d'fhadhbanna a imríonn tionchar orainn go léir.

Cuireann tionscal ilghnéitheach na hinnealtóireachta bonneagar tacaíochta ar fáil ina mbíonn tionscail agus gnóthaí eile ag feidhmiú agus ag teacht chun cinn. Thug sí talamh thorthúil d'eacnamaíocht na hÉireann inarbh fhéidir léi fás.

Tuilleadh Eolais

San dá Roinn tairgtear cúrsaí éagsúla atá dírithe ar an tionscal sibhialta, ar thionscal na foirgníochta, na talmhaíochta agus na déantúsaíochta. Aimsíonn céimithe ón dá Roinn fostaíocht shochrach sna réimsí is rogha leo, is cuma Ardteastas, Céim Bhaitsiléara, Céim Bhaitsiléara le hOnóracha nó iarchéim a bheith bainte amach acu. Tá conairí foirchéimnithe laistigh den Scoil ón Ardteastas ar aghaidh go dtí leibhéal na Céime onóraí. Más mian le mic léinn is féidir leo gabháil do chúrsaí ag leibhéal na Céime onóraí i bhFórais Ardoideachais eile.

Tá nascanna láidre gaibhnithe ag an Institiúid agus ag Scoil na hInnealtóireachta leis an tionscal. Is léir é seo ó sna cúrsaí atá á dtairiscint againn mar fhreastalaíonn siad ar riachtanais an tionscail. D'fhorbair an Institiúid cúrsaí iomlána ar nós Bainistíocht Áiseanna, Innealtóireacht Mheicniúil agus Innealtóireacht Leictreonach chomh maith leis an Ardteastas i mBeachtinnealtóireacht mar fhreagra do riachtanais an tionscail.

Ní beag an fhorbairt atá tagtha ar na nascanna leis an tionscal i gcaitheamh na mblianta de thoradh ar chláracha socrúcháin do chéimithe agus de thoradh ar nascanna a d'fhorbair iarmhicléinn an choláiste seo araon. Tugann cuideachtaí ar nós Intel, Hewlett Packard ó Bhaile Átha Cliath, EMC agus Logitech ó Chorcaigh, Analog Devices agus Dell ó Luimneach cuairteanna ar an gcoláiste gach bliain agus iad in iomaíocht lena chéile chun céimithe a earcú. Cinntíonn a leithéidí de chuideachtaí chomh maith le cuideachtaí eile ar nós Amman, Beru Manufacturing, Alps Electric, Dairy Master, Sara Lee srl. go mbíonn tóir ar ár gcuid céimithe go háitiúil agus go náisiúnta.

Tá caidrimh déanta ag Roinn na hInnealtóireachta Sibhialta agus na Foirgníochta le cuideachtaí cosúil le Sisks, McNamara, M.C. O Sullivan agus Malachy Walsh & Partners ar cuideachtaí innealtóireachta sibhialta den scoth iad go léir. Tá caidreamh aici le Comhairlí Contae, Comhairlí Uirbeacha agus le Gníomhaireachtaí rialtais, chomh maith. De thoradh ar cuid de na cairdimh seo fuair mic léinn innealtóireachta na hITT scoláireachtaí, go háirithe sa bhliain dheiridh dá gcúrsái sa choláiste.

Tá bonneagar maith saotharlanna agus ceardlanna tógtha ag Scoil na hInnealtóireachta thar na blianta a fhreastalaíonn ar riachtanais na mac léinn. Sna saotharlanna agus sna ceardlanna seo tugtar na scileanna do na mic léinn atá uathu agus gheibheann siad an taithí láimhe atá riachtanach chun tús maith a chur leis an ngairm is rogha leo. I dteannta an eolais theoiriciúil a tugtar dóibh féadann na céimithe leanúint ar aghaidh go luath chuig na cosáin staidéar innealtóireachta sna réimsí is rogha leo. Is dóigh le foireann na Scoile Innealtóireachta go mbeidh d'inniúlacht ag a cuid mac léinn tabhairt faoi fhoghlaim ar feadh a saolta, rud a bhfuil gá leis sa lá atá inniubh ann i dtimpeallacht ina bhfuil daoine iloilte ag teastáil. Beidh sé seo amhlaidh ós rud é gur cuireadh a leithéid ina luí orthu tríd an gcur chuige i leith foghlama leanúnaí agus iad san Institiúid.

Áirítear iad seo a leanas ar na saotharlanna agus na ceardlanna úrscothacha atá ar fáil do sna mic léinn:

-Saotharlanna Oiliúna ríomhchuidithe
-Saotharlanna do dhearadh ríomhchuidithe
-Ceardlanna Innealtóireachta Talmhaíochta
-Saotharlann Struchtúr -Saotharlann Tástála Coincréite & Asfailt
-Saotharlann Tástála Ithreacha
-Saotharlann Sreabhán
-Saotharlann d'Eolaíocht Innealtóireachta
-Saotharlanna do Rialúchán Próisis
-Saotharlanna Ríomhaire
-Saotharlanna agus Ceardlanna d'Innealtóireacht Leictreonach
-Ceardlann Innealtóireachta Meicniúla
-Ceardlann Beachtinnealtóireachta

Tá roinnt tionscadal agus sannachán praiticiúil fite isteach i gcúrsaí na Scoile Innealtóireachta. Áiríonn siad sannacháin i suirbhéireacht, i mbainistiú tráchta, i rialú róbaitic, i ndearadh séachachais/tionscadail chóireála agus in athdhearadh ar tháirgí innealra feirme atá ann cheana chun cur lena n-éifeachtacht agus lena sábháilteacht. Tá tionscadail dá leithéid chomh maith le seirbhís chun leasa an phobail ina gcuid dhílis den bpróiseas oideachais in IT, Trá Lí agus cuireann siad leis an bpróiseas foghlama ar feadh an tsaoil.

CEANN SCOILE John Murphy
CEANN RANNA Tim Segal

  • Innealtóireacht Shibhialta agus Staidéar Foirgníochta
  • Innealtóireacht Talmhaíochta agus Déantúsaíochta
  • Printíseacht