Blaisín ar a bhfuil á thairiscint againn @ IT, Trá Lí
Agus é bunaithe i bpríomhmhol fáilteachais agus turasóireachta na hÉireann is inár Roinn Fáilteachais, Ealaín Chocaireachta agus Turasóireachta
a dheintear foghlaim na scileanna seo a bheochaint. Tá cúlraí éagsúla fáilteachais agus turasóireachta ag ár bhfoireann agus deineann tú staidéar i dtimpeallacht oibre nádúrtha agus tá ionchais ghairme iontacha agat. Ar na háiseanna áirítear deasc fáilte, bialann traenála, cúig chistin agus téatar cistin taispeána.
Léigh TuilleadhPléann anailís chógaisíochta teicníochtaí a úsáidtear in earnála taighde, forbartha agus déantúsaíochta
an tionscail chógaisíochta. Cuireann tú do chuid scileanna agus inniúlacht chun cinn maidir le hobair mar eolaí saotharlainne. Ar na roghanna srutha áirítear fóiréinsic, eolaíocht chomhshaoil, eolaíocht chosmaidigh & bithchógaisíocht.
Tá clú aitheanta ag ár gcuid céimithe mar eolaithe maithe saotharlainne a bhfuil na scileanna acu atá ag teastáil ón tionscal sa lá atá inniu ann.
Is é an creideamh atá ag croílár ár Roinn Sláinte & Fóillíochta ná go bhfuil ról ríthábhachtach ag
gníomhaíocht choirp chun folláine a chur chun cinn. Mar sin glactar le dearcadh uilíoch idirdhisciplíneach. Tá ár gcuid cúrsaí beartaithe chun a chur ar chumas an chéimí dul i ngleic leis an earnáil sláinte agus fóillíochta mar ghairmí céime ardcháilithe agus mar thaighdeoir agus cuimsíonn siad Eolaíocht, Staidéir Shláinte, Ceannaireacht Gníomhaíochta, Corpoideachas, Cleachtas Proifisiúnta agus tuilleadh.
Léigh TuilleadhCuireann cúrsaí Altranais IT, Trá Lí ar chumas an altra cúram altranais a sholáthar i mórán suíomhanna éagsúla
cliniciúla, in ospidéil agus sa phobal. Tairgtear eispéireas foghlama agus teagaisc eolach den chéad scoth do mhic léinn i dtimpeallacht atá dúshlánach agus ina bhfaightear luach an tsaothair. Baintear úsáid as an bhfoirgneamh Solás úrscothach. Tá seomraí ranga le háiseanna teicneolaíochta sa bhfoirgneamh seo mar aon le hallaí léachta, svuíteanna ríomhaire agus saotharlanna chun scileanna praiticiúla a chleachtadh.
Léigh TuilleadhFostaítear Innealtóirí Talmhaíochta sa tionscal innealtóireacht talmhaíochta i réimsí na
déantúsaíochta, cothabhála agus mionathraithe trealamh talmhaíochta. Deintear obair i gceardlanna innealtóireacht talmhaíochta úrscothacha, halla innealra, saotharlanna eolaíochta, saotharlanna ríomhaire agus leictreonaice.
Léigh TuilleadhDeineann innealtóirí meicníochta agus déantúsaíochta réimse leathan
innealra a dhearadh, a oibriú agus a chothabháil. Is é is aidhm dár gcúrsaí ná tuiscint a thabhairt duit ar an teicneolaíocht agus an bhainistíocht a úsáidtear i dtionscail déantúsaíochta na linne seo. Faigheann tú eolas ar chiorcaid leictreacha agus leictreonacha chun córais mheicniúla leictreacha agus córais mheicniúla faoi rialú ríomhaire a dhearadh, a fhorbairt a thástáil agus a dhéanamh.
Léigh TuilleadhTá a lán deiseanna fostaíochta spreagúla ar fáil le céim Innealtóireachta Sibhialta & Comhshaoil.
Oibríonn Innealtóirí Sibhialta i bpleanáil, dearadh, foirgníocht agus i gcothabháil bonneagair thábhachtaigh ar nós soláthar uisce, bóithre, droichid, fuinneamh agus foirgnimh. Inár gcúrsa in IT, Trá Lí ceanglaítear ábhair chomhshaoil ar nós acmhainní uisce, bainistiú dramhaíola, cosaint ar thuilte agus cosaint cósta le modúil níos traidisiúnta ar nós dearadh bóithre, ábhair, struchtúir agus bunchloiche.
Léigh TuilleadhI gcúrsaí sna meáin chruthaitheacha in ITT cuimsítear Ceol, Teilifís & Raidió, scríbhneoireacht chruthaitheach agus tuilleadh
inár Lárionad Meán Digiteach (DMC). Deintear staidéar trí fhoghlaim idirghníomhach ar líne, comhphlé i ngrúpaí, criticí agus obair phraiticiúil. Cuimsíonn ár Lárionad Meán Digiteach ardchumais: stiúideo grafaice, svuíteanna eagarthóireachta ilmheáin, stiúideonna craoltóireachta teilifíse & raidió agus stiúideonna taifeadta cheoil.
Léigh TuilleadhInár gcúrsaí ríomhaireachta múintear Bainistíocht Ríomhaire, forbairt aipeanna soghluaiste agus scileanna innealtóireachta bogrearraí
agus tuilleadh nach iad. Is féidir díriú isteach ar réimsí ar nós ilmheáin nó ríomhchlárú cluichí. Tá naisc láidre ag roinn ríomhaireachta IT, Trá Lí leis na tionscail TFC agus tá ár socrúcháin oibre TFC ina chuid ríthábhachtach de chúrsaí ríomhaireachta ITT.
Léigh Tuilleadh!-->I Staidéar Gnó tugtar deis do mhic léinn fíorscileanna a fhorbairt atá á lorg in ionad an mhargaidh.
Bliain choitianta is ea bliain a haon ar iontráil do na mic léinn agus ó bhliain a dó ar aghaidh díríonn na mic léinn isteach ar Chuntasaíocht, Margaíocht nó Gnó Talmhaíochta. Lena chois sin cuirimid seimeastar socrúchán oibre ar fáil ina bhfaigheann na mic léinn taithí ar an bhfíorshaol. Más mian leat gairmréim shuimiúil, ilghnéitheach agus dinimiciúil tabhair faoin gcúrsa seo. Oibríonn ár gcuid céimithe i saghsanna difriúla eagraíochtaí agus ós rud é go bhfuil ár gcéimeanna creidiúnaithe ag eagraíochtaí proifisiúnta ábhartha tá seasamh láidir acu chun rath a bhaint amach ar an gcosán gairmiúil is rogha leo.
Léigh TuilleadhTairgtear cúrsaí eolaíochta allamuigh i mbitheolaíocht fiadhúlra, eolaíocht talmhaíochta,
bitheolaíocht allamuigh agus turasóireacht fiadhúlra. Is ea is eolaíocht talmhaíochta ann ná feidhmiú na heolaíochta agus gnó ar tháirgeadh bia ardcháilíochta. Tá aitheantas ag IT, Trá Lí mar áit is fearr chun staidéar a dhéanamh ar bhitheolaíocht fiadhúlra. Ar chúrsaí eolaíochta allamuigh áirítear meascán teoirice, cleachtadh i saotharlainn agus gníomhaíochtaí allamuigh.
Léigh TuilleadhAr chúrsa na n-eolaíochtaí sóisialta in IT, Trá Lí áirítear cúram agus oideachas luathóige, cúram sóisialta agus obair óige &
pobail. Gairm is ea cúram sóisialta ina n-oibríonn daoine i gcomhpháirtíocht leo siúd atá imeallaithe nó faoi mhíbhuntáiste nó a bhfuil riachtanais speisialta acu. Leis an obair óige cruthaítear timpeallachtaí a chuireann caidrimh dhearfacha idir daoine óga, piaraí agus daoine fásta chun cinn.
Cuirtear deachleachtas idirnáisiúnta reatha i staidéir luathóige chun cinn. Cuirtear an bhéim ar ardchaighdeáin a fhorbairt mar aon le foghlaim obair-bhunaithe i socrúcháin chleachtais faoi mhaoirseacht.