Home |

IRAAL Comhdháil 2022

Súil siar agus súil romhainn

30 Meán Fómhair 2022 agus 1Deireadh Fómhair 2022
á tionól in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan

 

Faoi

Is gréasán gairmiúil é Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí  do thaighdeoirí sinsearacha agus sóisearacha, múinteoirí teanga atá ag saothrú i ngort na teangeolaíochta, nó a bhfuil suim acu ann. Is pobal gníomhach a choinníonn suas leis na forbairtí teanga is déanaí agus a chuireann léachtaí agus seimineáir ar fáil ar fud na hÉireann. Téann  stair Chumann na Teageolaíochta Feidhmí siar go dtí  1975 nuair a bunaíodh é chun tacú le taighde sa teangeolaíocht fheidhmeach in Éirinn. Is ball é de Chumann Idirnáisiúnta na Teangeolaíochta Feidhmí (AILA) agus tá sé mar aidhm aige tacú le taighde trí sheimineáir, léachtaí, comhdhálacha agus ceardlanna a eagrú. I measc a chuid foilseachán tá an iris acadúil bhliantúil dhátheangach TEANGA, chomh maith le himleabhair speisialta ar ábhair ar leith.

Tionólfar Comhdháil Náisiúnta 2022 Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in MTU (Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan). Beidh na seisiúin ar siúl ar Champais Chorcaí agus Chiarraí ar 30 Meán Fómhair agus 1 Deireadh Fómhair, 2022. Ag an tráth seo, tá sé beartaithe go reáchtálfar Comhdháil MTU IRAAL 2022 go hiomlán ar an láthair.

  Cuirfear tús leis an gclárú Dé Luain 6 Meitheamh

 

 

Aoíchainteoirí

An tOllamh Claire Kramsch, Ollscoil California, Berkeley,

Ag labhairt: 30th Meán Fómhair 2022

An Dr. Colin Flynn, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ag labhairt: 1st Deireadh Fómhair 2022

 

 

Achoimrí

Fáiltímid roimh achoimrí (250 focal ar a mhéid) do pháipéir choincheapúla agus eimpíreacha agus do phóstaeir in aon réimse den Teangeolaíocht Fheidhmeach, lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta dóibh seo a leanas:

  • An Dátheangachas
  • An tIlteangachas
  • An tIolteangachas
  • Teangeolaíocht Chorpais
  • Beartas Teanga agus Pleanáil Teanga
  • Teagasc Teangacha
  • Teangeolaíocht Stairiúil
  • Sealbhú Dara Teanga
  • Aistriúchán
  • Idirchultúrthacht

 

Gairm ar Pháipéir Duntá

Cuirfear fáilte ar leith roimh achoimrí a thugann aghaidh go sonrach ar théama na comhdhála féin.

Ba chóir go mbeadh ainm an láithreora/na láithreoirí chomh maith le hainm na hollscoile/hinstitiúide/an choláiste sna achoimrí (doiciméad Word).


  Seol isteach d’achoimre chuig an ríomhphost seo a leanas le do thoil: (show email)

  Dáta Deiridh le haghaidh Achoimrí a chur isteach: Dé Luain 11 Aibreán

  Glacadh le hAchoimrí: Dé hAoine 13 Bealtaine

 

Féach ar Ár gCampas

 

Teagmháil

Má tá aon cheist agat a bhaineann leis an gComhdháil déan teagmháil le:

Comhdháil IRAAL
Ríomhphost: (show email)

Coiste: Coiste Eolaíochta agus Coiste Eagraithe