B'fhéidir go gcáileofá i gcomhair ceann den iliomad scoláireachtaí a tairgtear ag Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí. Tá scoláireachtaí éagsúla ar fáil do gach mac léinn i roinnt mhaith disciplíní. Tá na scoláireachtaí á dtacú ag eagraíochtaí pobail agus ag an Institiúid féin. Leis na scoláireachtaí tugtar luach saothair i leith sármhaitheasa agus spreagtar obair fhíor-mhaith i réimsí éagsúla. Cuirtear scoláireachtaí ar fáil mar aitheantas ar shármhaitheas acadúil agus tugtar cuid acu do lúthchleasaithe agus d'aisteoirí/ealaíontóirí cumasacha.
Tairgeann IT, Trá Lí roinnt cláracha scoláireachta bliantúla lena n-áirítear:
Scoláireachtaí Spóirt |
Scoláireacht Chuimhneacháin |
SCOLÁIREACHTAÍ SPÓIRT
IT, TRÁ LÍ SCOLÁIREACHTAÍ SPÓIRT
LUACH: Suas chuig uasmhéid €1,000 in aghaidh na bliana, faoi réir ag feidhmíocht acadúil shásúil i ngach bliain
TRÉIMHSE: Ar feadh an chúrsa ar fad, is é sin, ar feadh 2,3 nó 4 bliana faoi réir ag athbhreithniú bliantúil
CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a dhéanamh go díreach chuig an Oifigeach Spóirt ag IT, Thrá Lí. Is féidir le gach mac léinn cur isteach ar scoláireachtaí.
GUTHÁN: +353 (0)66 7145644 nó an Oifig Iontrála: +353 (0)66 7145638
SPRIOCDHÁTA: Dé hAoine, 5ú Márta, 2010 ag 5.00in
â¿¿De bharr go bhfuaireas Scoláireacht Spóirt ó IT Thrá Lí mothaím go bhfuil níos mó meas orm mar lúthchleasaí. Cabhraíonn sí go mór liom le cúpla bliain anuas an oiread traenála is féidir a dhéanamh agus a bheith i mo mhac léinn lánaimseartha ag an am céanna. Ba fhíorluachmhar dom tacaíocht na scoláireachta seo.â¿ Tobias Bermueller, Sláinte agus Fóillíocht Bliain 3, Scoláireacht Spóirt Dornálaíochta IT Thrá Lí 2008/09 |
â¿¿Ba mhór an cúnamh dom é ar iliomad slite Scoláireacht Spóirt ó IT Thrá Lí a fháil. Is dá barr go bhfuil deis faighte agam mo chuid oideachais chomh maith le deiseanna spóirt a chur chun cinn agus féadaim taithneamh a bhaint as saol an choláiste ag an am céanna. Is mar thoradh ar an scoláireacht spóirt seo gur féidir liom mo chuid cuspóirí spóirt a shaothrú agus gabháil do mo chuid staidéir ina theannta sinâ¿ Emma Gallagher, Sláinte agus Fóillíocht Bliain 2, Scoláireacht Spóirt Cispheile, IT Thrá Lí 2008/09 |
SCEÍM SPARÁNTACHTA CHUMANN LÚTHCHLEAS GAEL NA MUMHAN
LUACH: €1,000 in aghaidh na bliana, faoi réir ag feidhmíocht acadúil shásúil i ngach bliain
TRÉIMHSE: Dhá bhliain ar a mhéid faoi réir ag athiarratas gach bliain chomh maith le athbhreithniú
CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a chur go díreach chuig IT,Trá Lí, Oifig um Chur Chun Cinn Chluichí Lúthchleas Gael nó chuig Oifig Lúthchleas Gael na Mumhan: Do mhic léinn atá cláraithe in ITT agus gurb as réigiún na Mumhan dóibh amháin atá an scoláireacht seo oscailte.
GUTHÁN: +353 (0)66 7145642
SCOLÁIREACHT SPÓIRT Ó KENNEDY COACHES
LUACH: €1,000 in aghaidh na bliana, faoi réir ag feidhmíocht shásúil acadúil i ngach bliain
TRÉIMHSE: Ar feadh an chúrsa ar fad, is é sin, ar feadh 2, 3 nó 4 bliana faoi réir ag athbhreithniú bliantúil
CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a chur go díreach chuig An Oifigeach Spóirt, IT,Trá Lí. Do mhic léinn atá cláraithe in IT Thrá Lí amháin atá an scoláireacht seo.
GUTHÁN: +353 (0)66 7145644
SCOLÁIREACHT Ó CHLUB RUGBAÍ THRÁ LÍ
LUACH: Suas chuig uasmhéid €1,000 in aghaidh na bliana, faoi réir ag feidhmíocht acadúil shásúil i ngach bliain
TRÉIMHSE: Ar feadh an chúrsa ar fad, is é sin, ar feadh 2, 3 nó 4 bliana, faoi réir ag athbhreithniú bliantúil
CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a chur go díreach chuig An Oifigeach Spóirt, IT,Trá Lí. Do mhic léinn atá cláraithe in IT Thrá Lí amháin atá an scoláireacht seo.
GUTHÁN: +353 (0)66 7145644
Tralee R.F.C. Club Scholarship Information
Tralee RFC Scholarship Application Form
SCOLÁIREACHT CHUIMHNEACHÁIN THOMAS McELLISTRIM
DO: Mhac léinn a d'fhreastail ar scoil dara leibhéil i gCiarraí agus a dheineann clárúchán baillí i gcomhair ceachtar den dá chúrsa seo: BEol. (le hOnóracha) in Altranas Ginearálta nó BEol. (le hOnóracha) in Altranas Meabharshláinte, in IT, Trá Lí.
LUACH: €1,000
TRÉIMHSE: Bliain acadúil amháin
CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Bronnfar an scoláireacht ar an mac léinn a bhfuil an líon is mó pointí bainte amach aige/aici i Scrúdú na hArdteistiméireachta agus nach bhfuil scoláireacht eile á fáil aige/aici cheana féin.
SCOLÁIREACHT DE CHUID CHOMHAR CREIDMHEASA THRÁ LÍ
DO: I leith na scoláireachta seo féachfar ar mhic léinn atá ag fáil airgid as Ciste Cúnaimh do mhic léinn ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus atá ina mbaill de Chomhar Creidmheasa Thrá Lí.
LUACH: Dhá scoláireacht €1,000 in aghaidh na bliana
TRÉIMHSE: Bliain acadúil amháin
CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir le mic léinn atá ag fáil airgid as ciste cúnaimh na mac léinn de chuid Ciste Shóisialta na hEorpa roghnú go bhféachfar orthu mar iarratasóirí ar an scoláireacht seo mar chuid dá n-iarratas.
DO: Mhic Léinn atá ag iarraidh tabhairt faoi B Eal. sna Taibhealaíona - Staidéar Téatar Tuaithe.
LUACH: €1,000 in aghaidh na bliana i 2009
TRÉIMHSE: Is féidir le mic léinn an deontas seo a fháil ar feadh thréimhse an chláir, is é sin, ar feadh cheithre bliana, faoi réir ag feidhmíocht acadúil shásúil
CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a chur go díreach chuig an Oifig Iontrála, IT, Trá Lí, roimh an 5ú Márta 2010
SCOLÁIREACHT DO MHÁISTREACHT SA RÍOMHAIREACHT
DO: Tairgeofar cúig scoláireachtaí do mhic léinn lánaimseartha i gcúrsa Máistreacht Eolaíochta sa Ríomhaireacht
LUACH: €2,500
TRÉIMHSE: Bliain acadúil amháin
CONAS A DEINTEAR IARRATAIS: Is féidir iarratas a chur go díreach chuig an Oifig Iontrála, IT, Trá Lí, roimh an 5ú Márta 2010
CHUN TUILLEADH SONRAÍ A FHÁIL CUIR GLAOCH AR: +353 (0)66 7191770 nó cuir téacs 'COMPUTING' mar aon le d'ainm agus ceist chuig +353(0)87 909 7866