skip to main content

Deiseanna Taighde Iarchéime ag IT Trá Lí

Tugann ITT deiseanna do chéimithe Onóracha a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu (2.2 ar a laghad) coinneáil ar staidéar iarchéime chun leibhéal Máistreachta agus/nó Dochtúireachta a bhaint amach. Tá breis is 60 mac léinn i mbun taighde iarchéime ar Eolaíochtaí Ceimice agus Beatha, Ríomhaireacht, Staidéar Sláinte agus Fóillíochta, Staidéar Gnó agus Sóisialta, Altranas, Turasóireacht agus Innealtóireacht ag ITT faoi láthair..

Is iad na príomhbhealaí chun ardchéimeanna a bhaint amach ag ITT ná

 

Eolas Ginearálta

Eagraítear cláir thaighde mar struchtúr “colúin” laistigh den Institiúid Taighde ina mbíonn réimsí saineolais/ionaid bharr feabhais fhéideartha ag teacht chun cinn agus ag tabhairt tacaíochta do chláracha taighde idirdhisciplíneacha. Léigh tuilleadh faoinár Mír Thaighde & Fiontair.

Tabhair do d'aire, le do thoil:

Mic Léinn Mháistreachta Lánaimseartha:Íocfaidh sibh Táillí Teagaisc dhá bhliana agus Táillí Seirbhísí do Mhic Léinn i leith gach bliana ina bhfuil sibh cláraithe mar mhic léinn iarchéime.

Mic Léinn Mháistreachta Páirtaimseartha:Íocfaidh sibh Táillí Teagaisc trí bliana agus Táillí Seirbhísí do Mhic Léinn i leith gach bliana ina bhfuil sibh cláraithe mar mhic léinn iarchéime.

Mic léinn dhochtúireachta lánaimseartha: Íocfaidh sibh Táillí Teagaisc trí bliana agus Táillí Seirbhísí do Mhic Léinn i leith gach bliana ina bhfuil sibh cláraithe mar mhic léinn iarchéime.

Mic léinn dhochtúireachta páirt-aimseartha: Íocfaidh sibh Táillí Teagaisc cheithre bliana agus Táillí Seirbhísí do Mhic Léinn i leith gach bliana ina bhfuil sibh cláraithe mar mhic léinn iarchéime.

Tuilleadh Eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil ar dheiseanna iarchéime, taighde atá á dhéanamh ag ITT faoi láthair, próiseas agus táillí iarratais, déan teagmháil le:

Head of DevelopmentDevelopment Office

Ms Brid Mc Elligott
Email: Brid.McElligott@staff.ittralee.ie
Room(s): R101
Tel: +353 (0)66 7191800 Ext: 1800.