Folúntaisí
Cuireann Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí fáilte roimh iarrataisí ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le haghaidh postanna a d'fhéadfadh a bheith ar fáil ó am go chéile. Tá córas earcaíochta ar líne á oibriú ag an Institiúid agus caithfear gach iarratas a chur isteach trí chóras ríomh-earcaíochta na hInstitiúide.
Má theastaíonn uait féachaint ar eolas faoi phostanna atá ar fáil faoi láthair agus/nó iarratas a chur isteach ar phost ar líne, cliceáil ar an nasc "Folúntaisí Reathaâ ar bhonn an leathanach gréasáin seo. Lean gach céim sa phróiseas iarratais chun a chinntiú go mbeidh d'iarratas chuig an Institiúid comhlánaithe go hiomlán. Tá roinnt míreanna le comhlánú sa phróiseas ar líne agus ní mór duit deimhin a dhéanamh de go bhfuil an t-eolas cuí curtha isteach agus sábháilte agat i ngach mír den bpróiseas iarratais. Moltar duit gach mír a shábháil de réir mar a chomhlánaíonn tú í - mura gcríochnaíonn tú an próiseas iarratais in aon bhabhta amháin féadann tú logáil isteach agus an próiseas iarratais a chríochnú níos déanaí.
Mura gcríochnaíonn tú an próiseas iarratais ina iomláine beidh iarratas neamhiomlán agat. Ní féidir leis an Institiúid ach iarratais a bhfuil gach eolas atá riachtanach iontu a bhreithniú.
Chun iarratas a dhéanamh ar phost ba chóir duit:
- Clárú agus cuntas úsáideora a dhéanamh
- Folúntais reatha a chuardach agus/nó féachaint orthu
- An post ar mhaith leat iarratas a dhéanamh air a roghnú agus clicheáíl ar "CUIR IARRATAS ISTEACH"
- An fhoirm iarratais a chomhlánú ina hiomláine
- Na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh agus aontú dóibh
- D'iarratas a chur isteach ar líne
Nuair a bheidh tú lán-tsásta le gach gné d'iarratais ba chóir duit tic a chur sa bhosca a thaispeánann go n-aontaíonn tú do na téarmaí agus coinníollacha agus an cnaipe "cuir isteach" a chliceáil. Geobhaidh tú an teachtaireacht thíos ansin.
"D'éirigh leat d'iarratas a chur isteach. Ní féidir leat na sonraí don gcomórtas seo a chur in eagar a thuilleadh. Cliceáil ar an nasc 'cuardaigh' chun féachaint ar chomórtaisí eile."
Mura bhfaigheann tú an teachtaireacht seo níor éirigh leat d'iarratas a chur isteach. Ba chóir duit athbhreithniú a dhéanamh ar d'iarratas chun a chinntiú go bhfuil:
- Gach mír comhlánaithe;
- Triúr moltóirí luaite agat;
- Freagra tugtha agat ar gach ceist i mír an cheistiúcháin;
- Tic curtha agat i mbosca na dtéarmaí agus coinníollacha.
A luaithe agus a bheidh gach rud thuas scrúdaithe agat cliceáil ar an gcnaipe "Cuir isteach". Má tá fadhbanna agat i gcónaí leis an gcóras earcaíochta ar líne féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifig na nAcmhainní Daonna san Institiúid ag an uimhir 066 7145613 chun cabhair a lorg.
Go raibh maith agat as suim a léiriú i bhfostaíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta, Trá Lí
Cliceáil chun féachaint ar Fholúntaisí Reatha atá againn faoi láthair
Cliceáil chun féachaint ar Théarmaí agus Coinníollacha Earcaíochta Ar Líne

