Tá sé tábhachtach do bhuiséad a leagan amach go cúramach chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil go leor airgid agat i gcomhair na bliana. Déan soláthar i gcomhair lóistín, béilí, taistil, téacsleabhar agus ábhair eile agus siamsa. Cuimhnigh go mbeidh ort éarlaisí a íoc ar dtús, agus má tá tú ag fáil deontais oiliúna tríú leibhéil (TLT), nach bhfaighidh tú do chéad íocaíochta go dtí deireadh mí Dheireadh Fómhair â¿¿ nó níos déanaí, mura bhfuil d'iarratas próiseáilte ag do Choiste Gairmoideachais (VEC) áitiúil. Geobhann mic léinn ar chláir chéime 4 bliana (ab-initio) a gcéad íocaíocht i mí na Nollag nó mí Eanáir de ghnáth.
TÁILLÍ TEAGAISC
Ní gá do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh atá ag freastal ar chúrsaí lánaimseartha Ardteastais, Gnáthchéime nó Céim Onóracha táillí teagaisc a íoc, de ghnáth. Ní mór do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, atá ag déanamh bliain iomlán staidéir athuair, táillí teagaisc a íoc. Socraítear na rátaí táillí ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gach aon bhliain. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar mhic léinn táillí a íoc má tá cuid nó iomlán cáilíochta atá cosúil leis an gcúrsa atá idir lámhaibh acu faoi láthair bainte amach acu cheana féin.
Ní mór do dhaoine nach saoránaigh an Aontais Eorpaigh iad agus atá ag freastal ar chúrsaí fochéime lánaimseartha táillí a íoc. Is é €9,108 iomlán na dtáillí ar gach cúrsa fochéime sa bhliain acadúil 2008/2009.
Tá sonraí breise maidir le táillí teagaisc uile a bhaineann le hábhar ar fáil ón Oifig um Ghnóthaí Acadúla.
TÁILLE SHEIRBHÍSÍ DO MHIC LÉINN
Ní mór do gach mac léinn táille sheirbhísí mic léinn a íoc chun soláthar do sheirbhísí mic léinn nach mbaineann le teagasc (m.sh táillí iontrála scrúduithe, seirbhísí do mhic léinn, clárúchán, srl). Ní mór dóibh siúd nach bhfaigheann deontas cothabhála an tsuim iomlán a íoc agus iad ag clárú. Ní gá do mhic léinn a dhearbhaíonn (m.sh le litir ón ngníomhaireacht deontais ábhartha) go bhfuil siad i dteideal deontais chothabhála an táille a íoc toisc go n-íoctar í mar chuid dá ndeontas. Tabharfar eolas maidir le riachtanais chlárúcháin do mhic léinn nua agus do mhic léinn atá ag teacht ar ais.
AISÍOC TÁILLÍ
Má tá tú ag iarraidh a fháil amach an féidir leat aisíoc táillí (iomlán na táille nó cuid di) a iarraidh, féach ar Rannán B 1.5 Cearta agus Freagracht.
DEONTAIS AGUS SCOLÁIREACHTAÍ DO MHIC LÉINN
Maoiníodh gach cúrsa Ardteastais agus Gnáthchéime trí Chíste Sóisialta na hEorpa i rith na bliana 2007/2008.
DEONTAIS
Is féidir le mic léinn ar chúrsaí Ardteastais agus Gnáthchéime iarratas a chur isteach ar mhaoiniú deontais (TLT) óna gCoiste Gairmoideachais áitiúil. Is féidir le mic léinn ar chúrsaí Céime Onóracha iarratas a chur isteach ar mhaoiniú deontais faoin Scéim Scoláireachta óna n-údarás áitiúil nó óna gCoiste Gairmoideachais. Déileálann an t-iarratasóir (an mac léinn) agus a (h)údarás áitiúil nó Coiste Gairmoideachais amháin le hincháilitheacht do dheontas.
Bíonn deontais d'iarratasóirí faoi réir tástáil acmhainne. Má éiríonn le d'iarratas ar dheontas braitheann an méid a bronntar ort ar do chúinsí pearsanta ar nós d'ioncam teaghlaigh, an líon clainne sa teaghlach agus an líon clainne atá ag gabháil dâ¿¿oideachas ardleibhéil ag an am céanna. Sa tslí chéanna, ní hionann an méid a tugtar do mhic léinn nach bhfuil ina gcónaí sa bhaile agus an méid a tugtar do mhic léinn a bhfuil cónaí orthu sa bhaile.
AG CUR CEADÚ DO DHEONTAIS IN IÚL DON OIFIG UM GHNÓTHAÍ ACADÚLA
Mic léinn atá i dteideal deontais as Ciste Sóisialta na hEorpa, tugtar íocaíochtaí deontais dóibh go tráthrialta ar fud na bliana acadúla, ach ní mór dóibh, i dtosach báire, gach gné den phróiseas clárúcháin a chur i gcrích. Leis sin a áirítear go mbeidh an fhoirm shainorduithe bhainc agat agus í arna stampáil ag do bhanc, ar a dtaispeáintear go bhfuil d'uimhir chuntais bhainc i gceart, chomh maith le litir cheadaithe dheontais ó do ghníomhaireacht deontais ábhartha, más cuí.
Mic léinn a gheibheann deontais scoláireachta, íoctar deontas leo faoi thrí le linn na bliana acadúla naoi míosa (Bliain 4), ach amháin mic léinn atá sa Chúigiú Bliain de chlár fochéime. Déantar dhá íocaíocht sa bhliain sin.
Cathain a íoctar mo dheontas liom?
Íoctar an deontas oiliúna tríú leibhéil (TLT) faoi réir thinrimh agus fheidhmíochta sásúla. Ós rud é go bhfuil tú ag fáil an deontais seo, féachtar ort mar oiliúnaí agus iarrtar ort cloí le smacht coitianta na láithreach oibre maidir le poncúlacht, neamhláithreacht srl. Coimeádann do scoil staidéir taifead ar tinreamh agus ní mór don léachtóir/teagascóir ranga atá i gceist neamhláithreacht ar bith a cheadú. Ba chóir teastas leighis a chur isteach má tá tú breoite. Bainfear de do dheontas de dheasca neamhláithreachta nach bhfuil ceadaithe. Baineann teorainn leis an méid neamhláithreachta gan chead a nglactar léi in aghaidh na míosa.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH
Joanne O Sullvian
An Oifig Airgeadais
Deontais agus Scoláireachtaí do Mhic Léinn
Fo-líne 5656
R-phost: Joanne.OSullivan@staff.ittralee.ie
Is féidir le mic léinn atá ag fulaingt cruatain airgeadúil cabhair a lorg ón gCiste Cúnaimh do Mhic Léinn as Ciste Sóisialta na hEorpa agus ó Chiste Carthanachta na hITT. Riarann an Séiplíneach agus an Oifig Rochtana na cistí seo ar bhonn fíor-rúnda. Is féidir deontas nó iasacht ghearrthéarma nó fhadtéarma a fháil chun cabhrú leat fadhbanna a bhaineann le deacrachtaí pearsanta nó acadúla a shárú. Cé go bhfuil deontais ar fáil do mhic léinn agus nach bhfuil táillí cúrsa le híoc, d'fhéadfadh sé nach mbeidh tú in ann aghaidh a thabhairt ar na riachtanais airgeadúla a bhaineann le freastal ar an Institiúid. Mar sin, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana nó an Séiplíneach má tá deacracht agat teacht ar airgead nó déileáil leis. Moltar duit machnamh go cúramach sara dtéann tú i gceann poist páirtaimseartha chun cur le d'acmhainn, ar eagla go gcuirfeadh sé isteach ar do thinreamh nó dâ¿¿fheidhmíocht ag léachtaí, staidéar, measúnú leanúnach agus scrúduithe.
Maoiníodh an Ciste Cúnta Mic Léinn 2006/2007 ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006, le cúnamh ó Chiste Sóisialta na hEorpa.
|
|
|
CUIMHNIGH
D'fhéadfadh sé go bhfuil sparánacht ar leith ag do chuideachta Chomhpháirtíochta áitiúil, dâ¿¿fhoras airgeadais, do chomhar creidmheasa nó do Choiste Gairmoideachais áitiúil le haghaidh tacaíochta do mhic léinn tríú leibhéil. Déan teagmháil leo chomh maith!