Your browser does not support JavaScript

Text Sizer:





You are here:

Cairt na Mac Léinn

Eolas Tosaigh agus Cuspóir
Is é is cuspóir don gCairt seo do Mhic Léinn ná ráiteas soiléir a chur ar ar fáil maidir leis na slite inar féidir leis an bhfoireann agus na mic léinn obair i gcomhar a chéile chun an eispéireas foghlama agus taighde san Institiúid a fheabhsú agus tacú leis, agus, ag an am gcéanna, a chinntiú go bhfuil timpeallacht thaitneamhach inti atá oiriúnach d'obair agus do staidéar.

Táimidne in Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí tiomanta d'eispéireas foghlama agus teagaisc d'ardchaighdeán a thabhairt dár mic léinn agus dár mbaill foirne go léir. Sa Chairt seo deintear cur-síos ar an saghas timpeallachta is mian leis an Institiúid a chothú agus ar a bhfuil le déanamh ag an mac léinn chun an timpeallacht seo a choinneáil. Deintear cáilíocht na seirbhísí a bhfuil tú i dteideal dóibh, dar linn, a mheá leis na freagrachtaí a chuirtear ort. Doiciméad atá ag éabhlú is ea Cairt na Mac Léinn agus tá sé faoi réir ag athbhreithniú agus ag athrú. Níl sé i gceist cearta dlí a bhunú leis an gcairt seo nach bhfuil ann cheana féin agus ní bheidh sí ina bonn le héilimh de short ar bith.

An Timpeallacht Teagaisc & Foghlama
Geallann an Institiúid go gcinnteoidh sí ardchaighdeáin ina cuid teagaisc, taighde agus obair forbartha, i dtaobh minanach na foirne de, i dtaobh cáilíocht na n-áiseanna de agus sna seirbhísí a ghabhann leis na gníomhaíochtaí seo.

Sa timpeallacht seo cuirfear iad seo a leanas ar fáil:

  • Eolas cuí i faoi struchtúr, inneachar agus torthaí ionachasacha an chúrsa nó na gníomhaíochta taighde
  • Timpeallacht foghlama agus taighde ina dtugtar tacaíocht, a chuireann dúshláin roimh na mic léinn agus a thugann luach saothair mar thoradh ar léann agus dícheall
  • Struchtúir chumarsáide chuí idir na mic léinn, na baill foirne agus an fhoireann bhainistíochta
  • Curaclam den scoth atá bunaithe ar bharrchleachtas agus ar thaighde, modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama spreagúla ilghnéitheacha, cothú freagrachta agus neamhspleáchais i smaointeoireacht a bheidh ina cabhair dár mic léinn agus dár gcéimithe ina ngairmeacha agus ina saol pearsanta araon
  • Ráiteas soiléir na gcritéar a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar na mic léinn, chun luaíochtaí a thabhairt dóibh nó chun araíochacht a chur i bhfeidhm orthu maidir lena saothar i gcláracha acadúla agus ina gcaidreamh leis an bhfoireann bainistíochta, leis an bhfoireann teagaisc, lena gcomh-mhic léinn, le gníomhairí na hInstitiúide agus leis an pobal áitiúil i gcoitinne
  • Saintacaíochtaí chun a chur ar chumas mac léinn atá faoi mhíchumas, a bhfuil deacrachtaí foghlama acu nó atá i gcúinsí maolaitheacha aghaidh a thabhairt ar na héilimh acadúla agus pearsanta a ghabhann leis na cúrsaí nó leis an ngníomhaíocht taighde
  • Teacht ar áiseanna, ar sheirbhísí agus ar acmhainní ar leor iad chun spriocanna oideachais agus pearsanta a shaothrú agus a bhaint amach san Institiúid

Timpeallacht Thacaíoch
Tá meas ag an Institiúid ar gach mac léinn ar leith agus tugann sí aitheantas dá chuid aidhmeanna acadúla agus do na spriocanna atá aige nó aici don am tar éis dó nó di an chéim a bhaint amach. Ina theannta sin is tábhachtach leis an Institiúid leas pearsanta gach aon mhac léinn faoi leith.

Trí Seirbhísí Tacaíochta a sholáthar agus trí forbairt leanúnach a dhéanamh orthu aithníonn an Institiúid riachtanais an mhic léinn a bhféadfadh tionchar nach beag a bheith acu ar a cháilíocht bheatha, is cuma an i gcúrsaí spóirt, sóisialta, sláinte, sláinte meabhrach, pearsanta, míchumais nó i gcúrsaí gairme nó in aon réimse eile atá siad.

Tá an Institiúid tiomanta do thacaíocht a thabhairt do gach aon mhac léinn tríd na Seirbhísí Tacaíochta a chuirtear ar fáil. Féadann na mic léinn a bheith ag súil le tacaíocht a fháil ón Institiúid.

Glacann an Institiúid leis go dtagann na mic léinn a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu chuig na Seirbhísí Tacaíochta agus go gcuirfidh siad a gcuid riachtanas in iúl dóibh.

Timpeallacht ina léirítear Meas
Cothaíonn an Institiúid Timpeallacht ina léirítear meas. Caitear le gach aon duine agus le gach aon ghrúpa go cothrom agus go béasach gan aird ar inscne, reiligiún, cúlra pobail, náisiúntacht, cine/bunús eitneach, míchumas, stádas pósta, cúram do chleithiúnaithe, claonadh gnéis ná ar aois.

Glactar leis go n-iompróidh na mic léinn iad féin go freagrach ar an gcampas agus lasmuigh de, agus go gcinnteoidh siad nach ndéanfaidh a gcuid gníomhartha dochar do cháil na hInstitiúide, dá timpeallacht, dár gcomharsain, do phobal na háite ná dóibh siúd atá ag obair nó ag staidéar san Institiúid.

Molann an Institiúid do na mic léinn a gcuid staidéir acadúil a dhéanamh go dícheallach, macánta agus profisiúnta. Spreagaimid na mic léinn soiléiriú a lorg ó sna léachtóirí más dóigh leo go bhfuil a leithéid ag teastáil uathu. Fáiltíonn an Institiúid roimh do chuid tuairimí an fhad's a gcuirtear in iúl iad go macánta agus go cuiditheach. Cuirimid rannpháirtiú gníomhach i do chuid staidéir agus i saol na hInstitiúide chun cinn.

Tá soiléire, macántacht agus cumarsáid oscailte idir an fhoireann agus na mic léinn i gcroílár timpeallachta ina léiríonn gach duine meas ar a chéile.

Timpeallacht an Champais
Tá a dícheall á dhéanamh ag an Institiúid chun timpeallacht champais a chothú atá oiriúnach do riachtanais ár gcuid mac léinn. I saotharlanna ríomhaire agus i seomraí acmhainne tá ríomhairí deisce ar fáil a bhfuil rochtain ar an ngréasán acu chomh maith le r-phost do mhic léinn, rochtain ar an idirlíon agus bogearraí a bhaineann le cúrsaí de réir mar is cuí.

Mar aon leis na hacmhainní fisiciúla (m. sh. foirgnimh, leabharlann, saotharlanna ríomhaire, léachtlanna agus seomraí acmhainne) tá áiseanna comhairleoireachta, sláinte, séiplíneachta, lónadóireachta chomh maith le háiseanna spóirt ar fáil. Ina theannta sin tá Aontas na Mac Léinn agus Oifigí Gairmréime ar fáil ar an gcampas.

Glactar leis go gcaithfear le gach réadmhaoin ar fud an Champais le cúram agus le meas agus go gcloífear le gach treoirlíne de réir mar is cuí.

Ba chóir cloí leis na treoirlínte Sláinte & Slándála gach uile thráth agus tú ar an gCampas.

Is féidir na beartais seo a léamh anseo

Ráiteas Misin
Lámhleabhar na Mac Léinn (Cearta agus Freagrachtaí, Beartais na hInstitiúide srl.):
An t-Acht um Shaoráil Faisnéise
Deimhniú Cáilíochta
Plean Straitéiseach
Beartas Sláinte agus Slándála