Ráiteas Misin Sheirbhísí do Mhic Léinn
Timpeallacht thacúil agus chomhbhách a chruthú chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil mic léinn agus an fhoireann uile in ann a gcumas pearsanta agus acadúil a bhaint amach.
Tá clár cuimsitheach Seirbhísí do Mhic Léinn forbartha ag Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí chun riar ar phobal na mac léinn atá ag dul i méad. An aidhm atá ag na seirbhísí seo ná an tacaíocht riachtanach a chur ar fáil duit chun é a chur ar do chumas dul ar thóir do chlár acadúil agus do chuspóirí slí bheatha.
Táthar tar éis riar maith acmhainní foirne agus airgeadais a thabhairt do na seirbhísí seo chun an rannpháirtíocht is mó i saol acadúil agus sóisialta na hInstitiúide a éascú i measc na mac léinn uile. Tá sé thar a bheith tábhachtach leas a bhaint as na seirbhísí seo, má tá gá leo i rith na bliana. An aidhm atá againn ná cabhrú leat, agus féadaimid a bheith níos éifeachtaí má dhéanann tú teagmháil linn chomh luath agus is féidir. I measc na seirbhísí do mhic léinn atá ar fáil duit tá:
â¿¢ Ionad Sláinte
â¿¢ Oifig Ghairmeacha
â¿¢ Séiplíneacht
â¿¢ Seirbhís Rochtana agus Míchumais
â¿¢ Seirbhísí Tacaíochta Disléicse
â¿¢ Staidéar Idirnáisiúnta
â¿¢ Treoshuíomh
Tá réimse seirbhísí tacaíochta do mhic léinn forbartha ag Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí chun cúnamh a thabhairt do mhic léinn lena bhforbairt acadúil agus le cúrsaí pearsanta. Mar aon leis sin, le linn dóibh a bheith ag baint amach a gcuspóirí acadúla â¿¿ an phríomhchúis dóibh a bheith ag freastal ar an gColáiste â¿¿ bíonn an deis ag mic léinn páirt a ghlacadh i gclár leathan Spóirt agus Imeachtaí Sóisialta éagsúla atá á n-eagrú ag breis is daichead club agus cumann. Tá Aontas na Mac Léinn ag feidhmiú san Institiúid faoi réim Uachtaráin lánaimseartha in éineacht le beirt leas-uachtarán, a toghtar ar bhonn bliantúil. Oibríonn Oifig Sheirbhísí do Mhic Léinn agus Aontas na Mac Léinn as lámha a chéile chun seirbhísí do mhic léinn a sholáthar agus a fhorbairt.