skip to main content

Scoláireachtaí

B'fhéidir go gcáileofá i gcomhair ceann den iliomad scoláireachtaí a tairgtear ag Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí. Tá scoláireachtaí éagsúla ar fáil do gach mac léinn i roinnt mhaith disciplíní. Tá na scoláireachtaí á dtacú ag eagraíochtaí pobail agus ag an Institiúid féin. Leis na scoláireachtaí tugtar luach saothair i leith sármhaitheasa agus spreagtar obair fhíor-mhaith i réimsí éagsúla. Cuirtear scoláireachtaí ar fáil mar aitheantas ar shármhaitheas acadúil agus tugtar cuid acu do lúthchleasaithe agus d'aisteoirí/ealaíontóirí cumasacha.

Tairgeann IT, Trá Lí roinnt cláracha scoláireachta bliantúla lena n-áirítear:

Scoláireachtaí Spóirt

Scoláireacht Chuimhneacháin

Scoláireachtaí Spóirt de chuid ITT

Scoláireacht de chuid Thomas McEllistrim

Sparántacht Chomhairle na Mumhan

Scoláireacht de chuid Chomhar Creidmheasa Thrá Lí

Scoláireacht Spóirt ó Kennedy Coaches

Sparántacht Tigh Mhuc Rois

Scoláireacht ó Chlub Rugbaí Thrá Lí

Scoláireacht do Mháistreacht Eolaíochta sa Ríomhaireacht


SCOLÁIREACHTAÍ SPÓIRT

IT, TRÁ LÍ SCOLÁIREACHTAÍ SPÓIRT

IT, Tralee LUACH: Suas chuig uasmhéid €1,000 in aghaidh na bliana, faoi réir ag feidhmíocht acadúil shásúil i ngach bliain

TRÉIMHSE: Ar feadh an chúrsa ar fad, is é sin, ar feadh 2,3 nó 4 bliana faoi réir ag athbhreithniú bliantúil

CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a dhéanamh go díreach chuig an Oifigeach Spóirt ag IT, Thrá Lí. Is féidir le gach mac léinn cur isteach ar scoláireachtaí.

GUTHÁN: +353 (0)66 7145644 nó an Oifig Iontrála: +353 (0)66 7145638

SPRIOCDHÁTA: Dé hAoine, 5ú Márta, 2010 ag 5.00in

contact information

Tobias Bermueller

 â¿¿De bharr go bhfuaireas Scoláireacht Spóirt ó IT Thrá Lí mothaím go bhfuil níos mó meas orm mar lúthchleasaí. Cabhraíonn sí go mór liom le cúpla bliain anuas an oiread traenála is féidir a dhéanamh agus a bheith i mo mhac léinn lánaimseartha ag an am céanna. Ba fhíorluachmhar dom tacaíocht na scoláireachta seo.⿝

Tobias Bermueller,

Sláinte agus Fóillíocht Bliain 3,

Scoláireacht Spóirt Dornálaíochta IT Thrá Lí 2008/09

Emma Gallagher

â¿¿Ba mhór an cúnamh dom é ar iliomad slite Scoláireacht Spóirt ó IT Thrá Lí a fháil. Is dá barr go bhfuil deis faighte agam mo chuid oideachais chomh maith le deiseanna spóirt a chur chun cinn agus féadaim taithneamh a bhaint as saol an choláiste ag an am céanna. Is mar thoradh ar an scoláireacht spóirt seo gur féidir liom mo chuid cuspóirí spóirt a shaothrú agus gabháil do mo chuid staidéir ina theannta sin⿝

Emma Gallagher,

Sláinte agus Fóillíocht Bliain 2,

Scoláireacht Spóirt Cispheile, IT Thrá Lí 2008/09

Suas


Munster GAA SCEÍM SPARÁNTACHTA CHUMANN LÚTHCHLEAS GAEL NA MUMHAN

LUACH: €1,000 in aghaidh na bliana, faoi réir ag feidhmíocht acadúil shásúil i ngach bliain

TRÉIMHSE: Dhá bhliain ar a mhéid faoi réir ag athiarratas gach bliain chomh maith le athbhreithniú

CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a chur go díreach chuig IT,Trá Lí, Oifig um Chur Chun Cinn Chluichí Lúthchleas Gael nó chuig Oifig Lúthchleas Gael na Mumhan: Do mhic léinn atá cláraithe in ITT agus gurb as réigiún na Mumhan dóibh amháin atá an scoláireacht seo oscailte.

GUTHÁN: +353 (0)66 7145642

Suas


SCOLÁIREACHT SPÓIRT Ó KENNEDY COACHES

LUACH: €1,000 in aghaidh na bliana, faoi réir ag feidhmíocht shásúil acadúil i ngach bliain

TRÉIMHSE: Ar feadh an chúrsa ar fad, is é sin, ar feadh 2, 3 nó 4 bliana faoi réir ag athbhreithniú bliantúil

CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a chur go díreach chuig An Oifigeach Spóirt, IT,Trá Lí. Do mhic léinn atá cláraithe in IT Thrá Lí amháin atá an scoláireacht seo.

GUTHÁN: +353 (0)66 7145644

Suas


Tralee Rugby Club SCOLÁIREACHT Ó CHLUB RUGBAÍ THRÁ LÍ

LUACH: Suas chuig uasmhéid €1,000 in aghaidh na bliana, faoi réir ag feidhmíocht acadúil shásúil i ngach bliain

TRÉIMHSE: Ar feadh an chúrsa ar fad, is é sin, ar feadh 2, 3 nó 4 bliana, faoi réir ag athbhreithniú bliantúil

CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a chur go díreach chuig An Oifigeach Spóirt, IT,Trá Lí. Do mhic léinn atá cláraithe in IT Thrá Lí amháin atá an scoláireacht seo.

GUTHÁN: +353 (0)66 7145644

Tralee R.F.C. Club Scholarship Information

Tralee RFC Scholarship Application Form

Suas


SCOLÁIREACHTAÍ ACADÚLA

SCOLÁIREACHT CHUIMHNEACHÁIN THOMAS McELLISTRIM

DO: Mhac léinn a d'fhreastail ar scoil dara leibhéil i gCiarraí agus a dheineann clárúchán baillí i gcomhair ceachtar den dá chúrsa seo: BEol. (le hOnóracha) in Altranas Ginearálta nó BEol. (le hOnóracha) in Altranas Meabharshláinte, in IT, Trá Lí.

LUACH: €1,000

TRÉIMHSE: Bliain acadúil amháin

CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Bronnfar an scoláireacht ar an mac léinn a bhfuil an líon is mó pointí bainte amach aige/aici i Scrúdú na hArdteistiméireachta agus nach bhfuil scoláireacht eile á fáil aige/aici cheana féin.

Suas


Tralee Credit Union SCOLÁIREACHT DE CHUID CHOMHAR CREIDMHEASA THRÁ LÍ

DO: I leith na scoláireachta seo féachfar ar mhic léinn atá ag fáil airgid as Ciste Cúnaimh do mhic léinn ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus atá ina mbaill de Chomhar Creidmheasa Thrá Lí.

LUACH: Dhá scoláireacht €1,000 in aghaidh na bliana

TRÉIMHSE: Bliain acadúil amháin

CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir le mic léinn atá ag fáil airgid as ciste cúnaimh na mac léinn de chuid Ciste Shóisialta na hEorpa roghnú go bhféachfar orthu mar iarratasóirí ar an scoláireacht seo mar chuid dá n-iarratas.

Suas



SPARÁNTACHT TIGH MHUC ROIS

DO: Mhic Léinn atá ag iarraidh tabhairt faoi B Eal. sna Taibhealaíona - Staidéar Téatar Tuaithe.

LUACH: €1,000 in aghaidh na bliana i 2009

TRÉIMHSE: Is féidir le mic léinn an deontas seo a fháil ar feadh thréimhse an chláir, is é sin, ar feadh cheithre bliana, faoi réir ag feidhmíocht acadúil shásúil

CONAS A DEINTEAR IARRATAS? Is féidir iarratas a chur go díreach chuig an Oifig Iontrála, IT, Trá Lí, roimh an 5ú Márta 2010

Suas



SCOLÁIREACHT DO MHÁISTREACHT SA RÍOMHAIREACHT

DO: Tairgeofar cúig scoláireachtaí do mhic léinn lánaimseartha i gcúrsa Máistreacht Eolaíochta sa Ríomhaireacht

LUACH: €2,500

TRÉIMHSE: Bliain acadúil amháin

CONAS A DEINTEAR IARRATAIS: Is féidir iarratas a chur go díreach chuig an Oifig Iontrála, IT, Trá Lí, roimh an 5ú Márta 2010

CHUN TUILLEADH SONRAÍ A FHÁIL CUIR GLAOCH AR: +353 (0)66 7191770 nó cuir téacs 'COMPUTING' mar aon le d'ainm agus ceist chuig +353(0)87 909 7866

Suas