Eisíonn an Institiúid paca clárúcháin do mhic léinn atá tar éis glacadh le háiteanna ar chúrsaí, laistigh de dheich lá ón dáta deireanach gur féidir glacadh le tairiscintí. Ní mór cáipéisí chlárúcháin a líonadh go hiomlán agus iad a thabhairt ar ais don Oifig Iontrála, IT, Trá Lí roimh an dáta atá luaite ar an gcuireadh chun clárúcháin, agus ní mór táillí agus éarlaisí uile a luaitear a íoc roimh an dáta/na dátaí ábhartha i dtreo go mbeidh an clárúchán bailí.
Má tharlaíonn sé go dteipeann ar iarratasóir clárú laistigh den tréimhse atá luaite, tá de cheart ag an Institiúid talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an t-iarratasóir tar éis a (h)iarratas a tharraingt siar agus glacann an t-iarratasóir leis go bhféadfadh an Institiúid an áit a thairiscint don chéad mac léinn eile ar an liosta feithimh. Ní féidir le mic léinn clárú go bailí ar aon chúrsa ag IT, Trá Lí muna bhfuil dearbhaithe acu ar an bhfoirm chlárúcháin go bhfuil na cearta agus freagrachtaí mic léinn atá leagtha amach sa Lámhleabhar Mic Léinn ar eolas acu agus go gclaoifidh siad leo, agus muna bhfuil an dearbhú sin sínithe agus dáta curtha acu ar a bhfoirm chlárúcháin.