Bíonn an Institiúid i gcónaí ag forbairt scéimeanna nua chun an bóthar a réiteach d'iontráil mhic léinn ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht ag an tríú leibhéal. Ceann de na scéimeanna seo ná an Clár Treo-Aimsithe (Pathfinders Programme). Is tionscnamh rochtana é an clár seo le haghaidh scoileanna i gCiarraí i gcomhar le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile.
Tá nós imeachta iarratais díreach ag an Institiúid agus cuireann sí roinnt áiteanna in áirithe do mhic léinn a chríochnaíonn an Clár Treo-Aimsithe. Ní mór don iarratasóir riachtanais íosta iontrála an chláir ar chuir sé/sí isteach air a shásamh chun a bheith i dteideal áite faoin gClár Treo-Aimsithe. Ní mór go bhfuil iarratas curtha isteach ar an gclár staidéir ag an iarrtasóir leis, tríd an Lároifig Iontrála (CAO).
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Valerie Moore, Oifigeach Rochtana, Guthán: 066 7191682, Fón póca le téacs: 086 3682453, Facs: 066 7145605, Ríomhphost: valerie.moore@ittralee.ie