Cuireann an Institiúid fáilte roimh iarratais ó mhic léinn faoi mhíchumas agus riochtaí sláinte ar leith. Déanann an Institiúid teagmháil rialta leis an Roinn Oideachais, Comhairlí Molta, an Cumann um Rochtain Ardoideachais agus Míchumas (AHEAD), KARC agus Ionad Acmhainní na mBodhar Ciarraí agus lear mór eagraíochtaí tacaíochta ar leith chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil gach mac léinn faoi mhíchumas agus riochtaí sláinte ar leith in ann páirt iomlán a ghlacadh i saol acadúil agus sóisialta na hInstitiúide.
Má tá míchumas/riocht sláinte ar leith agat gur chóir a bheith curtha ar shúile na hInstitiúide, i do thuairim féin, ba chóir duit 'Riocht Sláinte/Míchumas' a scríobh ag bun leathanaigh 1 den fhoirm iarratais CAO, faoi do shíniú. D'fhéadfadh sé gur mian leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana chun áiseanna agus seirbhísí a phlé agus chun cóip de Leabhrán Eolais Seirbhísí Tacaíochta Míchumais na hInstitiúide a fháil.
Comhairlítear do mhic léinn faoi riochtaí sláinte teagmháil a dhéanamh le hAltra IT Thrá Lí chun seirbhísí sláinte do mhic léinn a phlé.
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le
Valerie Moore
Oifigeach Rochtana
Guthán: 066 7191682
Fón póca le téacs: 086 3682453
Facs: 066 7145605
R-post: valerie.moore@ittralee.ie