Is féidir le hiarratasóirí a bhfuil tairiscint áite ar chúrsa faighte acu iarraidh iontráil dá gcúrsa a chur ar athló ó Mheán Fómhair 2008 go Meán Fómhair 2009. Ceadaítear iontráil ar athló i gcásanna áirithe, mar shampla i gcás fadhbanna géire teaghlaigh, airgeadúla, pearsanta nó sláinte nó má tá deis tabhairt faoi thaithí oibre tábhachtach, in Éirinn nó thar lear, atá bainteach leis an gcúrsa go follasach.
Caithfear go báúil le hiarratais ar iontráil a chur ar athló. Ní cheadaítear iontráil a chur ar athló chun dul i mbun cúrsa eile nó chun an Ardteistiméireacht a athdhéanamh. Ba chóir an doiciméadú ábhartha uile a bheith i dteannta an iarratais ar iontráil a chur ar athló.
Tá iontráil ar athló bailí ar feadh aon bhliana amháin.