Ní mór don iarratasóir a bheith os cionn 23 bliana d'aois ar an 1ú lá dâ¿¿ Eanáir na bliana iontrála sa chúrsa chun cáiliú mar mhac léinn lánfhásta i gcomhair iontrála do chúrsaí a tairgítear trí CAO.
Aithníonn agus tuigeann IT, Trá Lí an taithí fhoghlama bhreise luachmhar a thugann mic léinn lánfhásta leo chun na hInstitiúide. Ní theastaíonn an Ardteistiméireacht nó na pointí íosta iontrála ó mhic léinn lánfhásta. Ba chóir dóibh siúd atá ag cur iarratais isteach mar mhic léinn lánfhásta an bosca ábhartha ar leathanach 3 den fhoirm iarratais CAO a thiceáil agus iad ag líonadh na foirme.
Measann an Institiúid gach mac léinn lánfhásta ina aonar, de ghnáth trí é nó í a chur faoi agallamh. Déanfaidh an Institiúid iarracht an bóthar a réiteach d'iontráil an mhic léinn lánfhásta san oideachas tríú leibhéil ar choinníoll go bhfuilimid sásta le cumas agus inspreagadh an mhic léinn.
NÓTA: Ní Is é an Bord Altranais, ní Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, a reáchtálann trialacha agus agallaimh uile do mhic léinn lánfhásta atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar ALTRANAS. Déan teagmháil leis an mBord Altranais ar 01 639 8500 chun sonraí breise a fháil.