Déanann na seirbhísí traenach agus bus freastal maith ar an Institiúid ar chostas réasúnta saor. Déantar soláthar speisialta ag an deireadh seachtaine le cóistí ag freastal ar a lán bealaí nach ndéanann seirbhísí iarnróid ná bus sceidealaithe freastal orthu de ghnáth. Is féidir le mic léinn leas a bhaint as réimse lamháltas taistil do mhic léinn trí Oifig Aontas na Mac Léinn. Is féidir le mic léinn Cárta Taistil Mic Léinn a fháil trí na foirmeacha riachtanacha ata ar fáil ó Aontas na Mac Léinn a líonadh amach chun leas a bhaint as rátaí lamháltais mic léinn ar sheirbhísí náisiúnta bus agus traenach. Tabharfaidh mic léinn faoi deara go bhfuil Trá Lí insroichte ó gach ceantar den tír de bharr an rogha leathan iompair bhus agus traenach atá ar fáil. Ba chóir do lucht an chéad bhliain, go háirithe, eolas a chur ar na sceidil iompair príobháideacha agus poiblí atá ar taispeáint san Institiúid agus ag an stáisiún traenach/bus áitiúil.
An Oifig USIT
Oibríonn USIT oifig ar an gCampas Thuaidh ó Mheán Fómhair go Márta in aghaidh na bliana. Uaireanta oscailte na hoifige ná 11r.n go 3i.n. Is féidir le mic léinn leas a bhaint as Cártaí Taistil Mic Léinn (le haghaidh taistil thar lear), eolas faoi Víosaí J1 (víosa oibre shamhraidh sna Stáit Aontaithe) a fháil agus iad a chur in áirithe agus ceisteanna agus eolas maidir le heitilte a fháil agus iad a chur in áirithe.