A Chéimí Dhil,
Fáilte chuig láithreán Gréasáin Alumni ITT. Ta an láithreán seo curtha ar fáil againn duit ionas go mbeidh caidreamh againn leat chun fás agus forbairt na hInstitiúide a léiriú, chomh maith leis an deis a thabhairt duit teagmháil a dhéanamh linn nó a athdhéanamh le cairde. Mar chéimí na hInstitiúide, is ball tú de phobal ITT, cibé áit ar domhan a bhfuil tú.
Tá dul chun cinn mór déanta ag an Institiúid ó bunaíodh an coláiste sa bhliain 1977. Bhí súil leis ar dtús go bhfreastalódh an Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí ar 800 mac léinn ón gcéad champas sa Chlais. Anois tá breis is 3,500 mac léinn, dhá champas agus níos mó ná 60 clár lánaimseartha liostaithe inár réamheolaire againn. Tairgimid cláir ag leibhéal an Ardteastais, na Gnáthchéime agus na Céime Onóraí. Tairgimid cláir iarchéime, leis, idir chláir theagaisc agus chláir thaighde. Leanaimid ar aghaidh ag glacadh páirte ríthábhachtaí i bhforbairt gheilleagair an réigiúin agus táimid mórálach as ár mbuanna go dtí seo.
Ba cloch mhíle é 2004 don Institiúid, leis, toisc gur bhronn HETAC (Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachas agus Oiliúna) Tarmligean Údaráis ar ITT. Ciallaíonn sin go bhfuil sé ar chumas na hInstitiúide anois a cáilíochtaí féin a bhronnadh de réir Creat Náisiúnta na gCáilíochtaí agus bronnadh cáilíochtaí ITT ar bhreis is 1,300 mac léinn i rith ár searmanas bronnta céimeanna i mí Dheireadh Fómhair.
Tá breis is €40 milliún infheistithe inár gCampas ó Thuaidh againn le cúig bliana anuas agus anois tá cuid de na háiseanna is fearr ann dár mic léinn. Leanann an fhorbairt seo ar aghaidh le soláthar pleanáilte áiseanna spóirt, Ionad Acmhainní Leabharlainne agus Eolais, Saoráid Ilfheidhmeach Shláinte agus Fóillíochta agus áiseanna breise i gcomhair sheirbhísí do mhic léinn. Cuirtear fáilte roimh chéimithe ar mhian leo cabhrú le todhchaí na hInstitiúide a leagan amach agus tacú leis na forbairtí spreagúla seo – trí mheán an Chumainn Alumni nó trí chuidiú lenár n-iarrachtaí tiomsaithe airgid le “Cumann Cáirde na ITT”.
Is é ceann de na sócmhainní is mó atá ag an Institiúid ná sibhse – ár gcéimithe. Is ambasadóirí don Institiúid sibh in bhur saol laethúil le bhur gcáilíochtaí ó ITT. Taispeánann an t-aiseolas a gheibhimid ó fhostaitheoirí agus ó thionscail go bhfuil ár gcéimithe ar chéim rí-ard. Táimid an-mórálach as sin agus is léir gur fianaise é ar bhur n-obair dhian, ar fheabhas na gclár ag ITT agus ar oilteacht agus gairmiúlacht na foirne.
Sa ré seo ina bhfuil daoine ag gabháil d¿fhoghlaim ar feadh an tsaoil, leanaimid ar aghaidh ar thóir an oideachais. Tá súil againn gur féidir le ITT leanúint de bheith páirteach i d'fhorbairt ghairmiúil. B'fhéidir go mbeidh tú in ann dul i bhfeidhm ar do chairde agus muintir chun freastal ar ITT agus staidéar a dhéanamh ar cheann de líon mór na gcúrsaí atá againn.
Leanaimid ar aghaidh ag cur ionad foghlama den scoth ar fáil sa réigiún ag an Institiúid. Tá Plean Straitéiseach na hInstitiúide go 2007 tugtha chun críche againn, agus táim ag tnúth le fás na hInstitiúide ar mórán leibhéal laistigh den chreatlach seo. Táim ag súil le forbairt rathúil an Chumainn Alumni ITT go speisialta, agus tugaim cuireadh duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Alumni, áit a mbeadh áthas orainn do mholtaí agus tuairimí a chlos.
Dr. Oliver Murphy