Bunaíodh Faireachlann Náisiúnta Spóirt na hÉireann (INOS) i mí Mheán Fómhair 2005, san Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí, mar Limistéar Taighde Straitéiseach taobh istigh den Rannóg Sláinte agus Staidéar Fóillíochta. Smaoinítear go n-oibreoidh an INOS taobh istigh de shocrú comhpháirtíochta le ceapadóirí ríthábhachtacha beartais/comhpháirtithe sóisialta spóirt na hÉireann.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an taighde a ghlacann an fhaireachlann uirthi féin:
â¿¢ Tionchar a bheith aici ar an straitéis Náisiúnta maidir le cúrsaí idirdhisciplíneacha a bhaineann le spórt agus gníomhaíocht choirp;
â¿¢ Éirim scileanna agus an mhargaidh fostaíochta a bhailiú agus a chóireáil;
â¿¢ Comhairle a thabhairt agus caidreamh idir cheapadóirí Náisiúnta beartais sa Rialtas, Fostaitheoirí agus Comhpháirtithe Sóisialta agus Soláthraithe Oideachais agus Oiliúna a spreagadh;
â¿¢ Riachtanais scileanna na hearnála a mhapáil le cláir oiliúna gairmoideachais (VET);
â¿¢ Cuireann an chomhpháirtíocht AE Observatoire ar chumas an duine anailís chomparáideach le ballstáit eile an AE a dhéanamh, a éascaíonn pleanáil straitéiseach chomhchosúil ar leibhéal na hEorpa.
Bhí tionchar ag ár gcomhpháirtíocht shínte le líonra Observatoire Spóirt agus Fostaíochta na hEorpa (EOSE) ar mhórán den taighde atá déanta ag an bhFaireachlann go dtí seo, mar is léir ónár mbaint le tionscadail Pan-Eorpacha, ar nós críochnú Plean Forbartha Lucht Oibre na hEorpa â¿¿ Corpacmhainne (2006), agus lena lán iarratas ar chistiúchán comhthaighde, gur glacadh le cuid mhaith díobh ina réamhleaganacha agus atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh le comhaontú. Meastar go mbeidh tionchar ag ár gcomhpháirtithe Éireannacha (molta) ar mhórán den taighde a ghlacann an Fhaireachlann uirthi féin san am atá romhainn.
Tá an INOS á riaradh ag Catherine Carty le cuidiú ó Jackie Ní Mhuircheartaigh, sonraí teagmhála mar leanas:
Teagmháil:
catherine.carty@staff.ittralee.ie. Guthán: 066 714 4194
jackie.nimhuircheartaigh@staff.ittralee.ie Guthán: 066 714 4185.