skip to main content

Fáilte ón Uachtarán

Tá Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí i dtús cadhnaíochta na foghlama ó bunaíodh í agus clú speisialta tuillte aici mar ionad teagaisc, foghlama agus taighde. Táirgítear réimse de chláir lánaimseartha agus páirtaimseartha ó leibhéal an teastais ar aghaidh go dtí céim onóracha agus iarchéim Mháistreachta agus Dhochtúireachta. Cuireann clár taighde den chéad scoth barr feabhais ar na cláir múinte san Institiúid.

Tá an Institiúid lonnaithe ar dhá champas ar féidir lár an bhaile a rochtain go saoráideach uathu agus tá an teist atá uirthi maidir le rath acadúil agus mic léinn mhuinteartha tuillte go maith aici. Is beag amhras atá ann ná go mbeidh na múrtha fáilte romhat san Institiúid ón uair go bhfuil comhluadar de bhreis is 2,500 mac léinn uirthi chomh maith le 250 ball ar a foireann acadúil agus meascán éagsúil de mhic léinn ó Éirinn, ón Aontas Eorpach maraon le mic léinn eachtracha ar a measc.

Tá Páirc Theicneolaíochta Chiarraí in aon champas amháin leis an Institiúid agus táthar tar éis naisc láidre a chothú leis na cuideachtaí atá lonnaithe sa pháirc féin. De thoradh ar ár Máistirphlean forbartha, ar fiú na milliúin euro é, tá forbairtí suntasacha bainte amach cheana féin i réimsí foghlama, teagaisc, taighde agus áiseanna spóirt mhac léinn, rud a sholáthraíonn áiseanna ar ardchaighdeán dár bhfoghlaimeoirí.

Is rannpháirtí mór í an Institiúid i bhforbairt eacnamaíochta, chultúir agus shóisialta ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach. Bíonn ár ngníomhaíochtaí taighde agus ár gcláir faoi thionchar ag riachtanais náisiúnta agus réigiúnacha agus bítear á n-athscagadh go leanúnach d'fhonn na nuálaíochtaí agus na forbairtí is fíordhéanaí a thógáil ar bord. De bharr go bhfuil naisc láidre againn le heagraíochtaí agus le cuideachtaí seachtracha, féadann an Institiúid buntáiste fíoriomaíoch a sheachadadh don lucht gnó.

Tá an Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, tiomanta do leibhéal ard oideachais agus taighde d'ardchaighdeán a sholáthar trí fhorbairt bhreise a dhéanamh, ar bhonn idirnáisiúnta, ar na naisc chomhoibríocha atá aici le lucht tionscail agus le hinstitiúidí taighde agus oideachais.

Táimíd ag tnúth le fáilte a fhearadh romhat ag an Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí!

Dr. Oliver Murphy, Uachtarán

Dr. Oliver Murphy